• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • D’fhéadfadh Racht Roy Keane i gCoinne Suathairí a Bheith a Cheann Is Greannmhaire Riamh

D’fhéadfadh Racht Roy Keane i gCoinne Suathairí a Bheith a Cheann Is Greannmhaire Riamh

D’fhéadfadh Racht Roy Keane i gCoinne Suathairí a Bheith a Cheann Is Greannmhaire Riamh
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tá clú ar Roy Keane le haghaidh go leor cúiseanna, go háirithe an rath a bhí air mar chaptaen ar Manchester United dar ndóigh, ach tá cáil air chomh maith dá phearsantacht ghéar, diongbháilte agus an col atá aige dosna tréithe atá ag peileadóirí na Príomh Sraithe inniu.

Chas an t-imreoir lár páirce géar chun bheith ina bhainisteoir díreach agus ansin ina anailísí, ag déanamh cáineadh arís agus arís eile ar na réaltaí ó inniu as a bheith lag nó ag díriú ar rudaí nach bhfuil tábhachtach mar chuid don chluiche, seachas na rudaí bunúsacha.

Ní haon ionadh mar sin, nuair a thosaigh an caint faoi suathairí sna seomraí feistis san eagrán is déanaí deStick to Football’, gur léirigh an tÉireannach a mhothúcháin go soiléir faoina ról, na himreoirí a bhíodh ag brath orthu, agus an fáth a bhfuil áibhéil mhór déanta ar a dtábhacht.

I gclár na seachtaine seo, smaoinigh an Corcaíoch siar ar imreoir Éireannach amháin a thabharfadh a shuathaire féin leis chuig cluichí, agus cén fáth gur chuir sé sin uafás air.

“Níor thuig mé riamh na buachaillí a mbeadh suathaireacht acu díreach roimh an gcluiche. Nuair a bhímid ag obair leis an fhoireann Éireannach, bhí buachaill ann linn a raibh a fhear féin aige,” a léirigh Keane.

“Bheinn ag breathnú air roimh an gcluiche, ag dul isteach chuig chluiche mór, agus bheadh suathaireacht cheart á fháil aige mar a bheadh agat dá mbeifeá as baile le do bhean chéile ar feadh na deireadh seachtaine, bheadh sé ag obair ar a dhroim, agus bhíos ag smaoineamh - ní féidir leat a bheith réidh le dul chun catha.

“Bheadh sé ag teacht isteach mar ionadaí, tar éis suathaireacht a fháil ar feadh 40 nóiméad ar a laghad, agus bheadh saghas mearbhall air - ola naíonáin i ngach áit!

“Bhíodh 'Ó tá suathaireacht ag teastáil uaim, do mo cheann…' á rá aige, bhuel níl aon gá leis an suathaireacht, ní fiú faic thú.

“Deirim leis na himreoirí seo go léir, an raibh suathaireacht á fháil agat nuair a bhí tú níos óige? Nuair a bhí tú 16 nó 17? - Ní raibh.

“Ceapann gach duine anois mura bhfaigheann tú suathaireacht roimh a bheith ag traenáil, nach féidir leat imirt mar is cóir.

“Na suathairí seo, bhainfinn réidh leo go léir.”

Is féidir leat féachaint ar an ngearrthóg anseo ó 10.10.

FÓGRA

Roy Keane maidir leis an cúis a bhfuil suathairí peile ‘ró-cocáilte’

Ní eachtra ar leith a bhí an tabhairt amach seo i dtreo suathairí sna clubanna peile mar bhí Keane i gcónaí ag cur ceisteanna faoina dtábhacht don fhoireann.

Bhí iar-chaptaen na hÉireann géar ina chuid focal ina monalóg fíochmhar nuair a rinne sé cur síos ar a mhothúcháin fúthu.

“Bheadh a gcluasáin á chaitheamh acu amhail is gur imreoirí iad, ag teacht anuas den bhus agus tú ag smaoineamh, lig do scíth, a Dhia. 'An bhfuil éinne ag iarraidh a charr a dhíol?' – dhéanfaidís iarracht gluaisteáin an imreora a cheannach ar an-praghas, agus tá tú ann ag smaoineamh leaid, tóg go bog é.

FÓGRA

“Cad a tharlaíonn dóibh [suathairí], bíonn siad ina gcairde leo [imreoirí], imríonn siad gailf leo agus ansin ceapann siad gur cóitseálaí, bainisteoir agus cairde is fearr iad leis na himreoirí ar fad agus sula mbíonn a fhios agat, tá siad mar gníomhaire, ag tabhairt comhairle dóibh.

“An bhfuil a fhios agat cad eile a dhéanann siad? Bíonn buataisí peile á fháil acu óna himreoirí. Ar deireadh bíonn go leor buataisí agus bróga reatha acu – scroblachóirí sa seomra feistis.

“Faigh réidh leis na suathairí go léir, gach ceann acu. Tá bainisteoirí agat ag rá go bhfuil siad ‘an-tábhachtach’ – níl aon tábhacht ag baint leo.”

FÓGRA

LÉIGH ANSEO: Deimhníonn Tom Cannon A Gealltanas 100% d’Éirinn In Ainneoin Cur Chuige Shasana

Dúirt Keane: “B’é an rud a chuir isteach orm ná na buachaillí a bhíodh ag déanamh na suathaireachta, bheadh siad saghas cocáilte. Socraíonn siad iad fhéin isteach sa chlub agus ansin ceapann siad go bhfuil siad i gceannas, tá an ceol curtha ar siúl acu agus buann an fhoireann rud éigin, agus bheadh na suathairí ar fad ar an bpáirc – tóg go bog é.

“Bíonn siad ar fad beagáinín cocáilte, gach duine acu. Bíonn oíche amuigh againn, deoch saor, agus ansin thagaidís lena gcairde go léir - 'tá do chairde á thabhairt leat?' Tóg go bog é.

“'An bhfuil boinn á bhfáil againn?' - Níl bonn á fháil agat, tóg go bog é.”

FÓGRA

Cheistigh Keane fiú ról fear feiste sa racht beag seo, ach táimid fíor- bhuíoch nár luaigh aon duine na hiriseoirí.

 



Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement