• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • Ceapann Roy Keane Gur ‘Rugadh Ar’ Réalta Shasana Tar Éis Cluiche In Aghaidh Na Danmhairge

Ceapann Roy Keane Gur ‘Rugadh Ar’ Réalta Shasana Tar Éis Cluiche In Aghaidh Na Danmhairge

Ceapann Roy Keane Gur ‘Rugadh Ar’ Réalta Shasana Tar Éis Cluiche In Aghaidh Na Danmhairge
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Lean Sasana ar aghaidh lena dtosú amhrasach go Euro 2024 oíche aréir, le taispeántas leadránach 1-1 in aghaidh na Danmhairge ó foireann Gareth Southgate.

I gcluiche in aghaidh foirne le imreoirí gan an méid tallainne a bhfuil ag foireann Shasana, bhíothas ag súil go mbeadh Sasana chun tosaigh don chuid is mó. Is cinnte nach mar sin a bhí, áfach.

Taobh amuigh de chúl Harry Kane de bharr botún ón Danmhairg agus iarracht ó i bhfad amach ó Phil Foden, níor éirigh leo mórán seansanna a chruthú.

B’iad an Danmhairg an fhoireann ab fhearr d’fhormhór mór an chluiche, i gceannas i lár na páirce agus ag cur Sasana faoi roinnt mhaith brú. Ní bheadh siad in ann an buaiteoir a aimsiú, cé nach raibh aon amhras ann go raibh bua tuillte acu.

Ar deireadh, d’éirigh le Sasana comhscór 1-1 a bhaint amach.

Ceapann Roy Keane Gur ‘Rugadh Ar’ Réalta Shasana Tar Éis Cluiche In Aghaidh Na Danmhairge

Is léir go bhfuil bua peile i scuad Shasana, agus mar sin de tá a dtaispeántais sa chomórtas díomách go dtí seo. Níl aon bhagairt ionsaí orthu, ach is é a struchtúr i lár na páirce níos measa fós.

Tá Declan Rice, Trent Alexander-Arnold, agus Jude Bellingham ag streachailt le imirt go láidir lena chéile i lár na páirce, le taispeántais laga ón triúr acu.

FÓGRA

Cuireadh ionadaí ar in ionad Alexander-Arnold cúpla nóiméad tar éis  an dara leath a thosnú, lena áit i lár na páirce faoi cheist faoi láthair. Braitheann go leor daoine go bhfuil costas ag baint leis an easpa taithí atá aige san áit sin ar an fhoireann.

Ag labhairt ar ITV , dúirt Roy Keane gur ‘rugadh ar’ an t-imreoir Liverpool mar imreoir lár páirce le linn Euro 2024.

Nuair atá tú bainte den pháirc sa dá chluiche, ní rud maith é sin. Cheap mé gur seans ollmhór a bhí ann a ghlacadh i gcónaí nuair a imríonn tú imreoir nach n-imríonn san (áit) sin seachtain i ndiaidh seachtaine dá chlub.

Tá a fhios agam go ndeireann daoine go n-imíonn sé isteach ansin do Liverpool, ach is rud difriúil ar fad é bogadh isteach i suíomh agus tosú ann. D'imir mé i lár na páirce, tá sé deacair mar post fisiciúil, ag iarraidh do achair a fháil. Theip air sa dá chluiche.

Níl sé ar fad mar toradh dó, is dócha go gcaithfeá an milleán a chur ar Gareth [Southgate]. Is sean mór é a ghlacadh, lánchúlaí a imirt i lár na páirce.

Níl sé seo i gcoinne na bhFrancach nó na Spáinneach, is léir go bhfuil cluichí níos déine rompu nó an nGearmáin. Bhí sé seo in aghaidh dhá fhoireann ina mbeifeá ag súil go mbeadh Sasana compordach go maith agus an liathróid ina seilbh acu don chuid is  mó.

Is dúshlán mór é dó agus níor éirigh leis...

Nuair a mbíonn tú ag caint tú faoi cad a dhéanann tú leis an liathróid agus é ina sheilbh agat, tá sé thar a bheith tábhachtach caint faoi an méid a dhéanann tú gan an liathróid i gcoinne na foirne níos fearr. Sin é an fáth gur caitheadh isteach sa bhearna bhaoil é. Is rud maith é a bheith compordach leis an liathróid i do sheilbh, má bhfuil an t-am aige is féidir leis pas a aimsiú, níl aon amhras faoi sin.

Ach tá sé na rudaí eile ag baint lena thaispeántais. Fiú i gcás [Declan] Rice, is dócha go bhfuil an cuma ar an scéal do Rice go bhfuil sé beagnach ag tabhairt aire dó. Ní féidir leat é sin a dhéanamh ag an leibhéal seo, béarfar ort agus rugadh air.

Ag cur streachailte na foirne i lár na páirce san áireamh, ní haon ionadh é Trent Alexander-Arnold a fheiceáil ar an mbinse don chluiche in aghaidh na Slóivéine. Mar sin féin, is léir go bhfuil sé i bhfad ón t-aon fhadhb san fhoireann Shasanach sin faoi láthair.

Taobh amuigh de Marc Guehi agus cluiche amháin ó Jude Bellingham, is fíorbheagán taispeántais maithe a bhí le feiceáil óna scuad faoi láthair.

B’fhéidir go raibh siad mar rogha na coitiantachta ag na meáin Bhéarla do Euro 2024 a bhuachan, ach níl tada déanta acu chun an cáil sin a chosaint go dtí seo sa chomórtas.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement