• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • O’Shea Ceapaithe ar Fhoireann Náisiúnta Shinsearach na bhFear ar bhonn eatramhach

O’Shea Ceapaithe ar Fhoireann Náisiúnta Shinsearach na bhFear ar bhonn eatramhach

O’Shea Ceapaithe ar Fhoireann Náisiúnta Shinsearach na bhFear ar bhonn eatramhach
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Beidh O’Shea i gceannas ar Fhoireann Náisiúnta Shinsearach na bhFear ar bhonn eatramhach don dá chluiche cairdiúla idirnáisiúnta in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise i mí an Mhárta.

Tá John O'Shea ceapaithe ag an gCumman Peile na hÉireann mar phríomhchoitseálaí eatramhach ar Fhoireann Náisiúnta na bhfear le haghaidh an dá chluiche dúshláin idirnáisiúnta in aghaidh na Beilge  agus na hEilvéise i mí an Mhárta.

Fillfidh O'Shea, a bhuaigh 118 caipín d'Éirinn, is atá triú ar an liosta den líon is mó taispeántas i ngeansaí glas, ar an gCumman tar éis a bheith ag obair faoi Stephen Kenny mar choitseálaí cúnta, chomh maith le bheith ina bhainisteoir cúnta ag Jim Crawford don fhoireann faoi 21 roimhe sin.

Tá ardchéimíocht taithí ag O'Shea sa pheil inmheánach le Reading, Cathair Stoke agus Cathair Birmingham.

Dúirt an Príomhchóitseálaí John O’Shea:

“Tá lúcháir orm filleadh ar fhoireann cóitseálaí na bhfear sinsearach mar Phríomhchóitseálaí Eatramhach don dá chluiche cairdiúla idirnáisiúnta i gcoinne na Beilge agus na hEilvéise.

Ba onóir dochreidte é an fhoireann a threorú isteach i bhfuinneog idirnáisiúnta mhí an Mhárta. Mar is eol do chách, bhí bród ollmhór i gcónaí orm as ionadaíocht a dhéanamh ar mo thír, cibé acu le linn mo shaol imeartha nó le déanaí, mar chuid den fhoireann cóitseála d’fhoireann sinsir na bhfear agus do na Faoi-21."

Beidh tacaíocht ag O’Shea le linn na fuinneoige idirnáisiúnta ag Paddy McCarthy ó chlub an Phríomh-Shraith de chuid Crystal Palace mar Chóitseálaí Cúnta.

FÓGRA

Beidh tacaíocht ag O'Shea uaidh Paddy McCarty mar chóitsealaí cúnta le linn fuinneog Mhárta.

Tá an iar chosantóir ag obair mar chóitsealaí cúnta ag Crystal Palace faoi láthar na huaire, áit a chuaigh sé chun páirce os cionn 130 babhta do na Iolar le linn a ghairmréim, is a raibh sé mar bhainisteoir feighlí don chlub Londain faoi dhó.

D'imir dúchasach Bhaile Áth Cliath faoi aois d'Éirinn suas chuig leibhéal faoi 21, is fuair sé glaoch Sinserach amaháin in aghaidh an Aifric Theas i 2009, inar raibh sé mar ionadaí nár úsáideadh.

FÓGRA

Tá O'Shea lán muiníneach gur féidir leis an fhoireann dea torthaí a fháil i mí Márta is é ag tabhairt aghaidh ar na cluichí amach romhainn

“Is iontach an rud é gur aontaigh Paddy teacht ar bord don dá chluiche agus cuirfear tús láithreach leis an obair chun ullmhú do dhá chluiche de árd chaighdean in aghaidh an iomaíocht láidir sa Bheilg agus san Eilvéis, os comhair ár dtacaíocht baile iontach.",

“Tá an-chreideamh agam sa ghrúpa imreoirí seo cluichí peile a bhuachan agus táim ag tnúth le torthaí dearfacha.”

 

Deimhníonn an FAI  go ndéanfar fógra maidir le Príomhchóitseálaí Buan Foireann Náisiúnta na bhFear i mí Aibreáin.

Tá sé deimhnithe fresisn go mbeidh fógra á dhéanamh maidir le scéal príomhchóitseálaí buan foireann náisiúnta na bhfear i mí Aibreáin.

FÓGRA

 

 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement