Ba chluiche an-tochtmhar agus láidir a bhí ann ag Páirc Chnocán Uí Dhálaigh oíche aréir leis an bhfoireann mná Bohemians ag cur fáilte roimh an Phailistín go hÉirinn le haghaidh cluiche dlúthphairtíochta idirnáisiúnta.
Chríochnaigh an cluiche 2-1 ar son na Palaistíne, ach cuimhneofar ar an oíche don spiorad muintearas idir an Phalaistín agus Éire.
Bhí slua mór díolta amach ag an gcluiche leis a leithéid d'Uachtarán Michael D Higgins agus a bhean chéile Sabina, ceannaire Sinn Féin Mary Lou McDonald agus Feisire de Pharlaimint na hEorpa Mick Wallace.
Chan amhranaí Palaistíneach- Éireannach Róisín El Cherif amhran náisiúnta na Palaistíne Fida'i roimh an gcluiche.
Cheiliúir an dá fhoireann le chéile tar éis. Seo cuid de na grianghraif is fearr ón oíche speisialta.