Nuair a d’ainmnigh Vera Pauw a scuad do Chorn an Domhain, bhí ionadh ar dhaoine nach raibh Jamie Finn sa scuad.
Dúirt Vera Pauw gurbh é an cinneadh is deacra a bhí le déanamh aici.
Nuair a bhí sí ag caint linn agus na meáin Ghaeilge, dúirt sí:
Ceapaim gurbh é an tráth is deacra de mo ghairm bheatha agus b’fhéidir i mo shaol. Ní am iontach a bhí ann ar chor ar bith. Bhí ionadh orm.
Bhí ionadh orm mar d'imir mé i sé cinn de na naoi gcluiche agus bhí mé mar chuid de gach rud. Ag an am, tráth an-bhrónach a bhí ann domsa agus mo theaghlach.
Bhí sé deacair mar tá a fhios ag gach duine cé mhéad is breá liom a bheith ag imirt d’Éirinn. Nuair a bhím ag imirt i ngeansaí na hÉireann is é an rud is fearr. Is dóigh liom nuair a cháilíomar do Chorn an Domhain go raibh mé dírithe ar an gcomórtas. Theastaigh uaim a bheith san fhoireann.
Maidir liom féin rinne mé gach rud is féidir. D'imir mé gach cluiche le mo chlub. Bhí sé an-deacair.
Thosaigh Jamie Finn i gcúig cinn de na hocht gcluiche sa ghrúpa stáitse agus thosaigh sí sa bhua stairiúil i gcoinne na hAlban i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2022.
LÉIGH ANSEO: Bhí An t-Éacht Is Fearr Ag Shelbourne Sa LOI I mBliana
Bhí Finn ag imirt go maith le Birmingham freisin agus Is breá le lucht leanúna na hÉireann í chomh maith.
Thaistil Finn go dtí an Astráil mar ionadaí, ach ach ba dhiamhas mór di.
Nuair a d’imigh Vera Pauw , d’fhill Jamie Finn ar fhoireann na hÉireann.
Nuair a bhí sí ag labhairt faoin díomá a mhothaigh sí, ghabh sí buíochas le lucht leanúna na hÉireann as a dtacaíocht agus tá sí ag tnúth leis an todhchaí.
Is tráth bródúil é domsa agus do mo theaghlach imirt ar son na hÉireann. Ceapaim go bhfuil an méid a tharla tar éis níos mó diongbháilte a dhéanamh dom. Tá a fhios againn go léir cad ba mhaith linn a dhéanamh amach anseo.
FÉACH FREISIN: Nochtann Eileen Gleeson An Casadh Atá Ann Maidir Le Post WNT Na hÉireann A Ghlacadh