• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • Maidir Lena nDúirt James McClean Faoi ‘Sotal’ Shasana, Tháinig An Tuar Faoin Tairngreacht

Maidir Lena nDúirt James McClean Faoi ‘Sotal’ Shasana, Tháinig An Tuar Faoin Tairngreacht

Maidir Lena nDúirt James McClean Faoi ‘Sotal’ Shasana, Tháinig An Tuar Faoin Tairngreacht
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Chríochnaigh Sasana in aghaidh na Danmhairge ar chomhscór 1-1 tar éis cluiche leadránach peile, agus go tobann cuireadh poll i ndóchas  na tíre an comórtas a bhuachan.

Roimhe sin bhí anailísí Sasanacha ar nós Gary Neville, Rio Ferdinand, agus Ian Wright lán le muinín go mbeadh an fhoireann seo in ann an cluiche ceannais a bhaint amach, agus iad ag moladh leithéidí Harry Kane, Declan Rice agus Phil Foden mar na slánaitheoirí a thabharfaidh gradam ar na ‘Three Lions’.

Ar bhealach chomh drámatúil leis an moladh, chríochnaigh siad a dhara cluiche sa ghrúpa ar chomhscór, agus anois tá íde na muc is na madraí á thabhairt do na himreoirí, an bhainisteoir, an chóras, agus ní féidir scrolláil a dhéanamh go suaimhneach trí na meáin shóisialta anois gan iar-imreoir Shasana amháin ar a laghad ag déanamh cáineadh ar an fhoireann.

Ní rud nua é an cumas atá orthu réimse leathan mothúcháin a léiriú, ag tosú amach le spriocanna nach féidir leo a bhaint amach, agus ansin bíonn an cuma ar an scéal go bhfuil géarchéim mór i gceist thar oíche faoin fhoireann Shasana.

Cuireadh ceist ar iar-réalta na hÉireann James McClean faoin caint a mbíonn ann faoi na Sasanaigh sna comórtais seo go léir sular imir siad an Danmhairg, agus maidir lena ndúirt sé, tháinig an tuar faoin tairngreacht.

“Sin a mbíonn an caint agus na meáin Bhéarla timpeall na foirne i gcónaí”, a dúirt McClean.

“Tá sé thar fóir i gcónaí, do thír a bhfuil Corn an Domhain amháin buaite aici, agus nár bhuaigh na Euros riamh, tá siad ag súil leis agus an-sotalach faoina seansanna.

"Sula ndéantar liathróid a chiceáil bíonn siad i gcónaí ag déanamh pleanáil faoina mbealach chuig an gcluiche ceannais, mar sin ní mór dóibh é maolú beagán a dhéanamh, mar go mbíonn siad thar fóir i gcónaí."

LÉIGH ANSEO: Ceapann Roy Keane Gur ‘Rugadh Ar’ Réalta Shasana Tar Éis Cluiche In Aghaidh Na Danmhairge

Déanann James McClean Declan Rice a  cháineadh

Bhí an ceart ag an fear as Doire leis an anailís sin, agus ansin chuaigh sé ar aghaidh ag déanamh níos mó cháineadh ar Declan Rice.

FÓGRA

Ba ghairid go raibh imreoir lár páirce Arsenal mar chomhimreoir de  McClean le hÉirinn sular athraigh sé go Sasana, agus níos luaithe sa tseachtain rinne an tÉireannach cáineadh ar an imreoir.

“Sílim nach bhfuil Declan Rice chomh maith sin,” a dúirt réalta Wrexham le RTÉ.

“Ná bain míbhrí as a bhfuilim a rá, ceapaim gur peileadóir an-mhaith é ach bíonn na meáin Bhéarla thar fóir leis an moladh a thugann siad dó.

"Dom fhéin, níl sé den chéad scoth. Is duine den chéad scoth duine a mbíonn in ann dul isteach i ngach fhoireann ar domhain domsa agus ní dóigh liom go bhfuil sé in ann sin a dhéanamh.

"Ní dóigh liom go imreoidh sé in fhoireann Manchester City in ionad Rodri . Ní dóigh liom ... Tá Kroos tar éis éirí as anois ach, dar liomsa, tá Toni Kroos mar imreoir den chéad scoth, bíonn sé i gceannas ar an chluiche."

Tar éis taispeántas díomách i gcoinne na Danmhairge, bhí Rice ar cheann de na himreoirí a raibh lucht leanúna Shasana ag dul as a meabhair faoi le frustrachas.

Agus an deis aige ‘Nach ndúirt mé leat’ a rá, rinne iar-réalta an Premier League a phointe arís.

“Sílim gur bhuaigh an Danmhairg an troid i lár na páirce sa leath sin,” a dúirt sé ag leath-am Déardaoin. “Bhíos ag caint faoi Declan Rice inné - rud a bhfuil daoine tar éis a bheith ag gearán faoi.

"Ach is dóigh liom, le haghaidh imreoir le costas £100milliún air, tá fonn orm níos mó ná pasanna laga agus pasanna chuig an chúl a fheiceáil. Rinne sé iarracht pas tosaigh amháin sa leath a dhéanamh agus chuaigh sé díreach isteach i lámha an chúlbáire.

"Ba mhaith níos mó a fheiceáil uaidh. Bris na línte."

In ainneoin an chluiche a chríochnaigh ar chomhscór leis an Danmhairg, tá Sasana fós ar bharr a ngrúpa agus má fhaigheann siad bua nó má chríochnaíonn an céad chluiche eile in aghaidh na Slóivéine ar chomhscór Dé Máirt, rachaidh siad ar aghaidhe chuig an chéad chéim eile sa chomórtas.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement