• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • Bheadh An Post Mar Bainisteoir Poblacht Na hÉireann An Post Is Ansa Ar Domhan Do Roy Keane

Bheadh An Post Mar Bainisteoir Poblacht Na hÉireann An Post Is Ansa Ar Domhan Do Roy Keane

Bheadh An Post Mar Bainisteoir Poblacht Na hÉireann An Post Is Ansa Ar Domhan Do Roy Keane
Roinn an scéal seo

Tá Cumann Peile na hÉireann ag cuardach fós le haghaidh bainisteoir nua d’fhoireann sinsearach na fir tar éis imeacht Stephen Kenny ag deireadh na bliana seo caite.

Tá John O’Shea mar an bainisteoir eatramhach faoi láthair, agus bhí sé i gceannas ar na gcluichí a imríodh i Mí an Mhárta agus tús na míosa seo, le bua amháin óna ceithre cluiche sin.

Bhí a lán ráflaí ag tús an chuardaigh faoi daoine a raibh seans ann iad a bheith mar an bainisteoir nua, ach táimid fós ag fanacht ar duine an post a ghlacadh agus muid beagnach leath-slí tríd na bliana.

Is é an post is fearr ar domhan, de réir Roy Keane

Labhair Roy Keane ar an eagrán is déanaí do ‘Stick to Football’, áit inar admhaigh sé gurb é an post mar bainisteoir na hÉireann an post is ansa leis ar domhan thar aon fhoireann eile.

Dúirt sé freisin gur leabhair sé le Cumann Peile na hÉireann níos luaithe sa bhliain, ach níor tharla aon rud dá bharr - agus is dócha nach dtarlóidh aon rud sa todhchaí a thuile.

Labhair mé lena lán foirne difriúla.

Is féidir leat labhair lé éinne, ach ní chiallaíonn sé sin go dtarlóidh aon rud toisc go mbíonn ar an mbeart a bheith socraithe agus tógann sé cuid mhaith ama é sin a chríochnú.

Dá mbeinn in ann obair le aon fhoireann ar domhan, rachainn ar ais chuig an post Poblacht na hÉireann. Bhain mé taitneamh as an leagan amach idirnáisiúnta nuair a bhíos ag obair le Martin O’Neill.

Is é an post is ansa liom ar domhan ná an post leis an bhfoireann náisiúnta, ach ceapaim go bhfuil an seans sin imithe.

Labhair sé freisin faoina shaol anois, a thodhchaí agus na botúin a rinne sé mar bhainisteoir.

FÓGRA

Nílim cinnte an mbeidh mé i mo bhainisteoir arís.

Is maith liom an saoirse a bhfuil agam i mo shaol, nílim freagrach d’éinne. Tá cúpla margadh agam le comhlachtaí teilifíse, ach dá gcuirfidís ar ceal iad amárach, ní bheinn buartha toisc go bhfuilim compordach.

Ag Sunderland, tharla sé de thimpiste agus ní rabhas cinnte, ach ní ghlacfainn post mar bainisteoir muna raibh tairiscint maith ann, agus sílim nach dtarlóidh sé sin.

Is duine mífhoighneach mé, ach bhíos mífhoighneach mar bainisteoir agus chuaigh sé sin in abar dom.

Bímid ag déanamh tráchtaireacht faoi go mbíonn níos mó ama ag teastáil óna bainisteoirí, agus ba chóir dom é sin a dhéanamh liom fhéin agus mé i mo bhainisteoir, táim mar duine mífhoighneach le daoine eile, bím níos mífhoighní liom fhéin.

Nuair a smaoiním siar ar sin, bhíos 35 bhliain d’aois agus mar bainisteoir sa Premier League do mo chéad post bainisteoireachta, ní raibh mórán taithí aga agus ba chóir dom níos mó ama a thabhairt dom fhéin. Rinne mé an rud céanna ag Ipswich, áit nár raibh mé ábalta aon rud a dhéanamh nó aon móiminteam.

Tá tráchtaireacht á dhéanamh ag Roy Keane ar ITV faoi láthair le linn na Euros.

Is féidir an físeán ar fad a fheiceáil anseo:

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement