• Baile
  • /
  • Sacar
  • /
  • Ainmníodh Liam Scales Mar Fhear An Chluiche Sa Champions League

Ainmníodh Liam Scales Mar Fhear An Chluiche Sa Champions League

Ainmníodh Liam Scales Mar Fhear An Chluiche Sa Champions League
Roinn an scéal seo

Bhuaigh Celtic a gcéad chluiche sa Pháirc Cheilteach le deich mbliana sa Champions League oíche Chéadaoin. Bhuiaigh siad 2-1 in aghaidh Feyenoord.

Fuair Luis Palma an chéad cúl sa chéad leath ón spota pionós. Scóráil na foirne ón Ísiltír sa dara leiath le 10 nóiméad chun imirt, ach le soicind fágtha, scóráil Gustaf Lagerbielke.

Bhí sé an chéad uair a bhuaigh Celtic sa bhaile ó 2013 nuair a bhuaigh siad in aghaidh Ajax, agus a chéad bua sa Champions League ó 2017.

Chríochnaigh Celtic ag bun an ghrúpa agus tá peil na hEorpa fágtha acu anois. Tá Lazio agus Atletico Madrid ag dul ar aghaidh chuig na céimeanna bainte amach.

Nuair a bhí Liam Scales ag labhairt le Celtic TV tar éis an cluiche, dúirt sé:

Bhí cluichí againn nach raibh torthaí againn, agus bhíomar éadóchasach bua a fháil agus chiallaigh sé go leor dúinn

🌟 Star Bhoy!

FÓGRA

Congratulations to Liam Scales on his #UCL Player of the Match award 💪#CelticFeyenoord | #COYBIG🍀 pic.twitter.com/C9z2M5xwmX

— Celtic Football Club (@CelticFC) December 13, 2023

FÓGRA

Seans nach raibh cuma cluiche mór air ach bhí sé dúinne agus bhí sé iontach é a dhéanamh sa bhaile.

Bhíomar an-mhaith sa chéad leath ach bhí orainn oibriú go dian sa dara leath.

Tháinig muid ar ais tar éis dóibh cúl a scóráil agus táim thar a bheith sásta gur scóráil Gus mór dúinn.

Tugann sé muinín dúinn tar éis drochchluiche a bhí againn ag an deireadh seachtaine. Tá cluichí móra ag teacht agus ba mhaith linn iad go léir a bhuachan. Sin é ár bplean agus ba thús maith é sin.

Chuaigh Scales isteach i Celtic ó Shamrock Rovers dhá bhliain ó shin agus tá sé ag imirt go hiontach anois.

Nuair a bhí sé ag caint le BBC Scotland, dúirt sé:

FÓGRA

Bhí a fhios agam dá mbeadh seans agam go n-imrfinn go maith. Bhí sé deacar mar gheall ar cé chomh maith is atá an fhoireann.

Caithfidh tú traenáil mhaith a dhéanamh gach lá agus caithfidh mé fanacht dírithe.

Ba mhaith linn cluichí a bhuachan, ba mhaith linn trófaithe a bhuachan anseo.

Níl mórán buaite agam anseo. I mo chéad bhliain bhuaigh muid an léig agus an corn ach ní raibh mé ag imirt mórán. An bhlian seo caite, bhuaigh siad a lán rudaí agus ba mhaith liom é sin a dhéanamh.

FÉACH FREISIN: Labhraíonn Martin Tyler Faoin gCúis Ar Fhág Sé Sky Sports

Martin Tyler Opens Up On Real Reason For His Sky Sports Departure
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement