Síníonn Jordie Barrett le Cúige Laighean

Síníonn Jordie Barrett le Cúige Laighean
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

D’fógair Cúige Laighean inné go mbeidh imreoir ilúsáide Nua Shéalainn, Jordie Barrett ag teacht chuig an cúige tar éis cluichí idirnáisiúnta an fhómhair.

Beidh an fear 27 bliain d’aois ag neartú foireann Cúige Laighean don dara leath den 24/25 séasúir. Tá Barrett, a imríonn do na Hurricanes i Nua Shéalainn faoi láthair, tar éis síneadh a chuir lena conradh leis an Aontas Rugbaí Nua Shéalainn. Ach roghnaigh sé chun imirt thar lear don chuid eile don séasúir seo chugainn.

Léigh Anseo:Síneann Peter O’Mahony Conradh Nua le Cúige Mumhan

Ag Roghnú Cúige Laighean

Is minic go dtagann imreoirí ón leathsféar theas chuig an Eoraip chun imirt ach den chuid is mó den am is chuig na clubanna mór le rá sa Frainc a théinn siad. In agallamh do meán shóisialta Cúige Laighean mhínigh Barrett cén fáth gur roghnaigh sé an club.

“Bhí meas agam i gcónaí ar Chúige Laighean mar chlub agus ar Éirinn mar thír agus nuair a bhí an deis agam a bheith páirteach ann bhí an rogha soiléir.

Is é an rud atá chun tosaigh maidir le mo chinneadh dul go dtí an Eoraip go háirithe dul go Cúige Laighean ná, go mbeidh mé 28 bliain d’aois agus ag an gcéim sin, sílim gur cheart dom a bheith ag imirt cuid den rugbaí is fearr atá agam agus mothaím gur deis é mo chluiche a feabhsú agus mé féin a ghlacadh chuig leibhéal eile.

Is club é a bhfuil stair bhródúil acu agus stair an-rathúil, cóitseálaí maith, le go leor imreoirí idirnáisiúnta sa scuad sin agus táim ag súil go mór le dul ann agus mo chluiche a fhorbairt.”

Nasc Teaghlaigh

Bhí cónaí ar Barrett i gcontae na Mí le linn a hóige nuair a bhog an clann an seo chun obair a deanamh ar feirm dhéiríochta.

“Tá ceangal teaghlaigh agam ansin, bhí  cónaí orm in Éirinn leis an gcuid eile de mo theaghlach ar feadh cúpla bliain nuair a bhí mé ceithre nó cúig bliana d’aois agus is áit é atá an-speisialta domsa.

Chinn Mam agus Daid an Nua-Shéalainn a fhágáil chun go n-athrófaí stíl mhaireachtála agus d’imir Daid sa dara roinn do Buccaneers. Ní raibh ann ach athrú ar chúrsaí maireachtáil agus muid ag cónaí agus obair ar fheirm déiríochta i gcontae na Mí”.

Is Cúige Laighean ag fógair síneadh ar conradh Dan Sheehan níos luaithe sa lá inné, níl aon amhras go mbeidh cumhacht ollmhór ag Laighin an séasúir seo chugainn.  Beidh sé deacair a feiceáil cé a beidh in ann dul san iomaíocht leo le foireann lán de réalta.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement