• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Síneann Peter O'Mahony Conradh Nua le Cúige Mumhan

Síneann Peter O'Mahony Conradh Nua le Cúige Mumhan

Síneann Peter O'Mahony Conradh Nua le Cúige Mumhan
Conor O'Donnell
Le Conor O'Donnell D’athraigh
Roinn an scéal seo

Má cheap tú go raibh fathach rugbaí na Mumhan Peter O'Mahony réidh le héirigh as bhí tú mícheart.

Tá sé dearbhaithe ag Cúige Mumhan agus an IRFU go bhfuil captaen na hÉireann Peter O'Mahony tar éis conradh bliana a shíniú le haghaidh Chúige Mumhan.

Ag teacht ó Chorcaigh, tá aistear éachtacht bainte amach ag O'Mahoney le CV de 291 chaipín ag imirt rugbaí go proifisiúnta. Agus é mar láithreacht láidir ar an bpáirc i gcónaí tá 182 cluiche imeartha aige dá chúige dílis Mumha, 105 d'Éirinn agus 4 le haghaidh Na Leoin Bhriotannacha agus Éireannacha, le ceannaireacht O'Mahony leis na foirní seo mar thábhacht ollmhór agus iad ag bua craobhacha agus coirn.

Is laoch lena linn féin é O'Mahony d'Éirinn agus Mumha le blianta anuas le dhá chraobh sraithe le Mumha agus cúig Chraobh na Sé Náisiún le hÉirinn buaite aige.  Bhí sé mar chaptaen ar Chúige Mumhan agus Éire i gcraobhacha an URC agus na Sé Náisiúin le bliain anuas.

Ag teacht tríd an Acadaimh mar scoláire PBS d'imir sé chéad chluiche le Cúige Mumhan i 2010 agus é 21 bliain d'aois as baile in aghaidh Chúige Uladh.

Bhuaigh sé a chéad craobh sraithe le Mumha i 2011 agus i 2012 d'imir sé a chéad chluiche le hÉire chomh le duais Imreoir Óg Mumhan na Bliana a bhuacaint.

Bhí sé ina chaptaen is faide a bhí ag Cúige Mumhan ar feadh deich mbliana ó 2013 ag éirí as an ról mar chaptaen níos luaithe sa séasúr.

FÓGRA

Bhuaigh sé Imreoir Mumhan na Bliana i 2019 agus i mbliana ta cúig cluiche imeartha aige do Chúige Mumhan agus aon chluiche dhéag le hÉirinn.

Tá bliain amháin eile ar a laghad aige ag imirt rugbaí agus dhéarfainn go mbeidh lucht leanúna na Mumhan agus na hÉireann an-sásta leis an nuacht seo.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement