• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Níl Hugh Ó Sullivan ag súil le móran Athruithe don chluiche deireanach in Aghaidh Albain

Níl Hugh Ó Sullivan ag súil le móran Athruithe don chluiche deireanach in Aghaidh Albain

Níl Hugh Ó Sullivan ag súil le móran Athruithe don chluiche deireanach in  Aghaidh Albain
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tar éis d'Éireann a chéad chluiche i gcomórtas na Sé Náisiún a chailleadh, in aghaidh Shasana i Twickenham trathnóna Dé Sathrain creideann Hugh O Sullivan nach mbeidh Andy Farrell ag iarraidh móran a athrú is é ag roghnú foireann na deireadh seachtaine seo.

Chuir Sasanna iontas ar chuid mhaith de lucht féachana na Sé Náisiún nuair a bhuail siad Éireann a raibh ag súil leis an dárna Caithréim Mhór as a chéile. Thug preabchúl Marcus Smith sa octhódú nóiméad an bua aon phointe amháin, d'foireann Steve Borthwick.

" Thaispeáin toradh an chluiche cé chomh deacair is atá sé chun an Chaithréim Mór a bhuachan dhá bhliain i ndiadh a chéile", a deir Hugh Ó Sullivan.

Aghaidh ar an Albain

Anois tá an saol agus a máthair ag amharc ar Bhaile Áth Cliath don chluiche deireanach in aghaidh an Albain san Aviva. Cé gur chaill Albain in aghaidh na hIodáile an deireadh seachtaine seo caite tá beirt de na himreoirí ba chontúirtí sa gcomórtas ina measc.

Tá Finn Russell mar phríomh scóráilí an chomórtas le 47 pointe in iomlán agus an cliathánaí mór ón Aifric Theas Duhan Van Der Merwe ar bharr clár na gcinnirí do na húid. De bharr seo creideann Hugh nach mbeidh Andy Farrell ag iarraidh móran a athrú ón deireadh seachtaine seo caite.

"Ní bheidh Andy Farrell ag dul isteach sa gcluiche seo is é ag iarraidh taithí a tabhairt d'imreoirí óga, beidh sé ag iarraidh an comórtas a bhuachan, sin an rud is tábhachtai i mo thuairim.

Chaill an Albain in aghaidh na hIodáile ar an Sathrain, ach roimh é sin bhí siad ag imirt an-mhaith ar fad".

Cé a mbeidh ar an gCliathán?

Cé nach mbeidh Farrell ag iarraidh móran a athrú tá comhartha ceiste fós ann faoi Chalvin Nash agus Ciarán Frawley is má bhíonn siad sách aclaí don dheireadh seachtaine.

Tógadh an bheirt as an imirt le créacht chinn in aghaidh Shasana ach glactar leis go bhfuil siad ar an mbóthar ceart chun filleadh ar an imirt.

Ag an am céanna ní bheidh aon fhadhb ag Farrell, le Gary Ringrose ar ais ar a shéan léim agus Jordan Larmour fós ag braith ar chluiche a fháil sa sraith i 2024.

FÓGRA

An Craobh fós san Imirt

Cé go bhfuil Albain comh maith is a bheith as an iomaíocht don Chraobh, tá Sasana fós ar tóir an Chorn.

Tá Éirinn suite ar bharr an tábla faoi láthair, ach beidh Sasana ag iarraidh go mbeidh an bua ag Albain agus bua pointe bónais in aghaidh na Fraince chun an Corn a sciobadh uaidh na hÉireannaigh.

Mar sin beidh taispeántas maith uaidh Éirinn rí-thábhachtach an Sathrain seo chun seilbh a choimead Craobh na Sé Náisiún.

FÓGRA

 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement