• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Ní cúis imní iad La Rochelle do Cúige Laighean dár le O'Sullivan

Ní cúis imní iad La Rochelle do Cúige Laighean dár le O'Sullivan

Ní cúis imní iad La Rochelle do Cúige Laighean dár le O'Sullivan
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Is La Rochelle agus Cúige Laighean ag casadh lena chéile don ceathrú uair le blianta beaga anuas i gCraobh na hEorpa. Tá gach duine ag faire amach ar toradh an cluiche tráthnóna Dé Satrain. Ba iad La Rohelle a bhain amach an dea toradh sa chéad trí cluiche is iad ag baint seilbh ar an gcorn faoi dhó sa tréimhse sin.

Mar sin fhéin creideann iar-imreoir Cúige Laighean Hugh O’Sullivan nach mbeidh aon imní ar a iar-chomhimreoirí tar éis dóibh an bua a fháil as baile i gcéim na ngrúpaí.

“Ní dóigh liom go mbeidh imní orthu mar an bua a bhí acu ar La Rochelle as baile ní rud éasca é sin a déanamh, an bua sin a fuair siad as baile níos luaithe sa chomórtas. Agus is dóigh liom go dtógfaidh siad muinín as an bua sin”.

Tionchair Neinaber

Ach i mbliana le hais blianta eile tá cóitseálaí de árd caighdeán le dhá  bua as a chéile sa corn domhanda i Jacqueas Nienaber. An rud ba mhó a thugann Neinaber chug an foireann ná stíl cosaint fíor éifeachtach agus ba é seo ceann de na cúiseanna a chreideann Ó Sullivan go mbeidh cluiche difriúil againn le hais an mar atá feicfidh againn go dtí seo.

“Leis na blianta beaga anuas ní raibh an cosaint ceann ar aghaidh ag Cúige Laighean, agus sa cluiche ceannais anuraidh ní raibh an cosaint sin ag Cúige Laighean.

Cinnte beidh a fhios ag La Rochelle go bhfuil sé sin ag teacht ach, is dóigh liom mbeidh tionchair mór ag an stíl cosaint sin ar an gcluiche.

Chonaic mar an cluiche i gcoinne Leicester ní raibh sé foirfe ar chor ar bith mar a chonaic mar go dtógann sé am teacht i dtáthaí ar an stíl cosaint.”

Cé nach féidir an toradh a thuar, tá muid cinnte go mbeidh cluiche den scoth againn Dé Sathrain san Aviva le tús na himeartha ag 5:30 PM.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement