• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Hugh O'Sullivan faoin Tuairim go mbeidh Tionchair Mór ag Páirc an Chrócaigh ar Cluiche Northampton

Hugh O'Sullivan faoin Tuairim go mbeidh Tionchair Mór ag Páirc an Chrócaigh ar Cluiche Northampton

Hugh O'Sullivan faoin Tuairim go mbeidh Tionchair Mór ag Páirc an Chrócaigh ar Cluiche Northampton
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tugann Cúige Laighean aghaidh ar na Northampton Saints an deireadh seachtaine seo sa cluiche ceathrú ceannais de Corn na Seaimpíní i Páirc an Chrócaigh.

Ba é seo an chéad cluiche rugbaí a beidh dhá imirt ar i ceanncheathrú an CLG ó 2009 nuair a d’imir Cúige Laighean i gcoinne Cúige Mumhan sa babhta céanna den comórtas. Bhain Laighin amach an bua an lá sin 25-6 is iad ag dul ar aghaidh chun an craobh a bhaint don chéad uair.

Ach i mbliain tagann siad suas in aghaidh ceannairí Príomh sraith Shasana, Northampton. Ar an deireadh seachtaine ceanna gur bhuail Cúige Laighean La Rochelle, bhain na Saints amach bua súntasach in aghaidh na Bulls chun a áit a dheimhniú sa cluiche leath ceannais.

Tionchair Páirc An Chrócaigh ar Cluiche Northampton

Cé gur bé príomh abhair cainte an tseachtaine seo ná an stair agus siombalachas atá ag baint Páirc an Chrócaigh, le breis is 82 míle duine ag déanamh ar bóthair Jones an Sathrain seo níl aon amhrais ar O Sullivan go mbeidh tiochair ar líon na ndaoine ar na himreoirí.

Luaigh Fin Smith é in agallamh i rith an seachtaine seo, b’féidir go mbeidh siad ag caitheamh cluasáin, nuair atá siad ag cleachtadh na ciceanna éirice. 82 míle daoine tá sé chun a beidh comh glórach sa stáid.

Comh maith le sin caithfear cuimhnigh go bhfuil páirc CLG i bhfad níos mó ná páirc rugbaí. De bharr na fíricí seo creideann Hugh O Sullivan go mbeidh tionchair níos mó ag an páirc é féin ar an gcluiche ná aon ní eile.

Is páirc mhór é páirc an chrócaigh i gcomparáid leis an RDS nó an Aviva. I dtaobh leithead de, tá an páirc traenalá atá ag Cúige Laighean i UCD 68 méadar leathan agus tá sé mar an gcéanna leis an RDS agus an Aviva.

Caithfidh páirc rugbaí a beidh idir 68 agus 70 méadar leathan mar sin is dócha liom go mbeidh sé 70 meadar leathan ar an deireadh seachtaine. Cloiseann tú é sin agus ceapann tú nach bhfuil ann ach dhá méadar sa difríocht ach tá seans ann go mbeidh tionchair aige sin ar an gcluiche.

Leis an cosaint ceann ar aghaidh sin atá ag cúige Laighean, nuair a chuireann tú an stíl cosaint sin i feidhm tá a fhios againn go bhfágann sé spás ar an gcliathán de bharr sin cinnte go bhfeicfidh muid ciceanna beag trasna na páirce ó Fin Smith go na cliathánaí. Ina theannta sin feicfidh muid na ‘bridge pass’ fada trasna ceann James Lowe agus Jordan Larmour má bhíonn siad ag teacht as an líne go gasta, arís beidh an spás sin amuigh ar an gcliathán. Nuair atá dhá méadar agat nach mbeidh ann dá mbheifí san Aviva nó san RDS i mo thuarim deanna sé difríocht sa cluiche.

Rud eile ná an spás idir líne an úid agus an marbhlíne, arís ar páirc rugbaí caithfidh sé a beidh idir sé méadar agus fiche dó méadar i Franklins Gardens agus an RDS tá sé ann bheag ach cuimhin liom an cluiche i 2009 bhí an spás sin ollmhór. Is é sin a lán spás don lán chúlaí a clúdach.

I dtaobh cé a thógann an cinne cé comh leathan a beidh an páirc ní hea Cúige Laighean a deanann an cinne sin, is é an EPCR a thógann an cinne, mar sin ceapaim go mbeidh sé níos mó ná an Aviva agus go mbeidh neart spás taobh amuigh leathan nó taobh thiar de na postaí.

De bharr sin b’féidir go bhfeicfidh muid an dá foireann ag úsáid na ciceanna beaga isteach sa spás sin mar go bhfuil a lán spás don lán chúlaí a chlúdach.

Cé go bhfuil seans go ndeanfaidh toisí an páirc damáiste don stíl cosaint atá ag Laighin níl aon amhras gur féidir le cúlaí Laighin an rud céanna a deanamh do na Saints le imreoirí cosúil le Lowe agus Larmour.

FÓGRA

Is dóigh go caithfear fanacht go bhfeicfidh muid.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement