• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Fágann Cúige Mumhan Slán le Laoch na nÚd Simon Zebo

Fágann Cúige Mumhan Slán le Laoch na nÚd Simon Zebo

Fágann Cúige Mumhan Slán le Laoch na nÚd Simon Zebo
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Dúirt Mumhan inniu go mbeidh siad ag fágáil slán le Simon Zebo an scórálaí ba mhó úd sa chlub ag deireadh an t-séasúir.

D’imir an fear 34-blian d’aois a chéad cluiche sinsir do na Muimhneach i 2010 agus d’fás sé go tapaigh ina imreoir rialta sa geansaí dearg, is é ag cabhrú leo an Corn Magners an séasúir dár gcionn.

Leann an Corcaíoch ar aghaidh ag dul ó neart go neart agus gan mhoil, bhí sé ag tarraingt air an geansaí glas. D’imir sé a chéad cluiche idirnáisiúnta  ar thuras samhraidh go Nua Shéalainne i 2012. Bhuaigh sé Corn na Sé Náisiúin i 2015 agus  Scoráil sé seacht úd i 35 caipín d’Éireann agus ní féidir dearmaid a deanamh ar an píosa iontach scil seo:

I 2013 bhain sé amach éacht den scoth is é ag imirt trí cluiche do na Lions ar turas go dtí na hAstráile.

FÓGRA

D’aimsigh an sé 60 úd i 144 cluiche sular fhág sé slán le Mumhan i 2018 is é ag bogadh chuig Racing 92 sa Fhrainc. Lean sé ar aghaidh leis an nós scóráil is é ag lasadh suas an stáitse sa Top 14 le 25 úd i 60 cluiche.

I 2021 rinne sé an cinne teacht abhaile chuig a foireann dúchasach is é fós ag aimsiú úd le 13 i 29 cluiche tar an trí séasúir deirenach ag tabhairt an líon iomlán go 72 an méid is mó i stair an chlub.

Ráiteas Simon Zebo

I ráiteas ar suímh idirlíon Cúige Mumhan d’fógair Zebo go mbeidh sé ag críochnú a ghairm ar ais san áit a thosaigh sé amach, is é ag gabháil buíochas le gach duine a chabhraigh leis síos tríd na blianta.

FÓGRA

Tar éis go leor machnamh a dhéanamh, chinn mé gurb é an séasúr seo an ceann deireanach a imreoidh mé an cluiche is breá liom. Bhí sé ina bhrionglóid, ag déanamh cuimhní cinn agus cairde ar feadh an tsaoil agus ag taisteal an domhain le daoine iontacha.

Míle buíochas do mo theaghlach, mo chairde, mo chomhpháirtithe foirne, cóitseálaithe agus lucht tacaíochta – gan sibh ní bheadh a leithéid indéanta. Táim fíor bhuíoch as an ngrá agus an tacaíocht ar fad thar na blianta.

Thaitin gach soicind liom, bhí roinnt craic ann agus ní féidir liom fanacht go bhfeicfidh mé cad atá le teacht.

Grá Mór

Zeebs”

Ach níl an séasúir críochnaithe go foil is muid ag druidim chuig na babhtaí cinniúnach den URC, beidh muid ar fad ag iarraidh beagán draíocht a feiceáil uaidh Zebo sula fhágann sé slán le rugbaí.

FÓGRA

LÉIGH ANSEO: Anailís: An Chaoi ar Bhris Gluaiseacht Bearthaithe Laighin thríd Cosaint Northampton

 

 

 

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement