Bhuail Cúige Laighean na Northampton Saints inné ar scór 20-17, chun bogadh ar aghaidh chuig cluiche ceannais Corn na Seaimpíní is iad ag dul suas in aghaidh buaiteoirí cluiche an lá inniu Toulouse.
Ba ócáid ollmhór a bhí ann don dá foireann is iad ag dul chun páirce ar aghaidh ós cionn 82 míle daoine i Páirc an Chrócaigh.
Bhí go leor ag braith ar an cluiche tar éis do Laighin a cuid sean-neimheadh La Rochelle a bhualadh trí seachtainí ó shin sa cluiche ceathrú ceannais. Cheistigh go leor daoine an roghadh a thóg siad seans san Aifric Theas is iad ag cailleadh dhá cluiche as a chéile agus titim chuig an darna áit san URC, chun scíth a tabhairt do imreoirí an chéad fhoireann.
Ach ní raibh aon póit ar Laighin ar an lá. Thosaigh is iad i gceannas ar an cluiche ón chéad feadóg. Bhain James Lowe amach an chéad úd tar éis dhá nóiméad déag. Pas gleoite amach chuig an cliathán uaidh laoch na himeartha Jamison Gibson Park a chonaic an spás amuigh leathan do Lowe chun an liathróid a leagann síos.
Bhí an cosúlacht ar Northampton go raibh an ócáid ag cuir isteach orthu, is na botúin dhá feiceáil go forleathan sa chéad leath. Bhí deacaireachtaí ag leathchúlaí cilibheart Shasana Alex Mitchell aon fuinneamh a mhúchadh ina taobh is Laighin ag tarraingt níos faide chun cinn.
Thrasnóidh Lowe líne an úid babhta amháin eile riomh leath ama píosa eile láimhseáil draíochta uaidh Gibson Park chun an liathróid a bhualadh amach chuig Lowe a léim thar an líne. Beidh cic éirice an duine ag Laighin agus Northampton is na foirne ag dul isteach chuig na cró ag leath ama 15-3.
Ba iad Cúige Laighean a bhain amach chéad scór an dara leath, briseadh iontach ó Baird agus láimhseáil shnoite idir na cúlaí agus ar cé eile ach James Lowe chun críoch a chuir ar an ionsaí.
Ach ba meon iomlán difriúil a bhí ag Northampton tar éis an úd. Thosaigh siad ag cuir brú ar clibirt na Laighneach agus ghlan siad suas an láimhseáil is thosaigh siad ag fáil luach saothar. Úd iontach ó réalt óg na Saints, George Hendy a chuir cic chun cín agus a bhain amach an úd tar éis botúin Laighean ar an líne. Ní dhearnadh Fin Smith aon botúin is neadaigh sé an cic slánaithe.
Tharraing na Saints ar ais chuig 20-17 chun coupla nóiméad teannas a chruthú i Páirc an Chrócaigh.
Bhí na nóiméad deireanach fíor teanntaí chun críoch a chuir leis an coimhlint. Is Laighean ag deanamh iarracht an am a caitheamh, ghoid na Saints an liathróid is rinne iarracht ar ionsaí amháin eile. Ach tar éis beagán láimhseáil scaoilte is iad Laighin a tháinig amach leis an seilbh agus a cuir críoch leis an imirt agus 20-17 ar an clár scór.
Bhí faoiseamh le feiceáil ar aghaidh imreoirí Laighin is iad baint amach cluiche ceannais an comórtas don triú uair i trí bliana is iad ag dul ar thóir a cúigiú corn.
Cúige Laighean v Toulouse sa Cluiche Ceannais
Bhain Toulouse amach bua suntasach ar Harlequins chun a áit a deimhniú sa cluiche ceannais le Cúige Laighean. Bhí na Francaí mar ceannairí ar an cluiche ón chéad nóiméad is iad 24 pointe in tosaigh ag leath am. Rinne Haralquins iarracht teacht ar ais ach bhí foireann deisceart na Fraince ró fhada chun cinn is chríochnaigh an cluiche 38-26.
Ba iad cúige Laighean a bhain amach an bua an babhta deireanach, is na hÉireannaigh róláidir is iad ag baint amach bua 41-22, nuair a bhuail na foirne sa cluiche leathceannais den comórtas anuraidh.
Teigh Cúige Laighean suas in aghaidh Toulouse i Tottenham Hotspur Stadium i Londain ar an 25ú Bealtaine ag 2:45 pm.