• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Creideann O'Sullivan go mbeidh Cleas ar na Díslí ag Goodman d'Ionsaí na hÉireann

Creideann O'Sullivan go mbeidh Cleas ar na Díslí ag Goodman d'Ionsaí na hÉireann

Creideann O'Sullivan go mbeidh Cleas ar na Díslí ag Goodman d'Ionsaí na hÉireann
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Is Mike Catt ag fágáil slán lena phost mar chóitseálaí ionsaithe fhoireann rugbaí na hÉireann tar éis an turas go dtí an Aifric Theas an samhradh seo, ní bheidh aon imní ar lucht leanúna na hÉireann is an fhoireann fágtha faoi chúram maith Andrew Goodman a shínigh conradh trí bhliana leis an IRFU thiar i mí na Nollag.

Tháinig  an Nua-Shéalannach isteach i bhfoireann Cúige Laighean anuraidh mar chóitseálaí cúnta áit ina raibh sé i gceannas ar ionsaí struchtúrtha na Laigheanaigh a dhéanfadh damáiste d'aon fhoireann i bpreab na súl.

Cé gur gcáintear ionsaí na hÉireann ó am go chéile i rith na Sé Náisiúin ní chreideann iar imreoir Chúige Laighean agus leathchúlaí clibirte, Hugh O'Sullivan go ndéanfaidh Goodman mórann athrú d'ionsaí na hÉireann.

 

Ní dóigh liom go mbeidh mórann athrú i ndáiríre luaigh tú go raibh ionsaí Éire intuartha i rith na Sé Náisiúin ach i mo thuarim féin sa lá atá inniu ann tá a fhios ag gach foireann go díreach cén chaoi a bhfuil an foireann eile chun ionsaí ach is rud eile é a stopadh.

Táim cinnte ag dul isteach sa chluiche deirenach ansin go raibh a fhios ag Albain conas a raibh Éire chun ionsú ach ní raibh siad in ann é a stopadh ar feadh ochtú nóiméad ar fad.

Éifeachtach ionsaí na hÉireann

 

Tá sé soiléir go bhfuil ionsaí na hÉireann a obair dóibh is iad ar cheannairí ar bhord scórála na Sé Náisiúin le 19 úd in iomlán 6 chinn níos mó ná Sasana atá sa darna áit. Creideann O'Sullivan gurb é eolas agus cumas atá ag na himreoirí ba chúis le héifeachtacht an ionsaí

"Tá an cumas atá ag Éireann ar na línte a ritheann siad agus an láimhseáil atá acu, comh maith leis an eolas atá an na himreoirí ar an ról atá acu san ionsaí is iad sin na cúiseanna go bhfuil an ionsaí comh éifeachtach"

Chomh maith le sin, imríonn na cúige ar stíl an-chosúil leis an stíl ionsaí a bhíonn ag an bhfoireann náisiúnta agus cabhraíonn sé seo leis na himreoirí nuair a nascann siad le chéile in san geansaí glas.

FÓGRA

"An buntáiste atá ag Éireann agus na cúige ar fad ná an stíl ionsaithe atá ag na cúige tá sé an-chosúil leis an stíl ionsaithe atá ag an bhfoireann náisiúnta ní bheidh aon athrú móra ann"

Tionchar Goodman

É sin ráite, ní hea nach mbeidh aon arthú beaga ann, beidh ag iarraidh Goodman a lorg a fhágáil ar an stáitse idirnáisúnta agus síleann O'Sullivan gur féidir linn a bheith ag súil le cúpla cleas agus gluaiseacht beartaithe

B'fhéidir go bhfeicfidh muid gluaiseacht beartaithe speisialta, bhí Joe Schmidt an-mhaith chun beart mar sin a thabhairt isteach, tá sé feicaithe againn ó Andrew Goodman agus tá sé fós dhá déanamh le Cúige Laighean má fheiceann tú ar an úd a bhfuair na Laigheanaigh in aghaidh La Rochelle i gCraobh na hEorpa an bhliain seo caite nuair a chuaigh Jack Conan díreach tríd an síneadh amach agus b'fhéidir gur sin an cineál gluaiseacht beartaithe a feicfidh muid san Aifric Theas.

Ag deireadh an lae ná bain leis mura bhfuil sé briste ach ag an am céanna beidh sé suimiúil cén chaoi a chuireadh Goodman forbairt ar an ionsaí nuair a thagann beirt de na foirne is fearr ar domhan le chéile an tsamhraidh seo.

 

FÓGRA

 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement