Cinneadh Ceart Cic Murray a deir Hugh O'Sullivan

Cinneadh Ceart Cic Murray a deir Hugh O'Sullivan
Roinn an scéal seo

D'imir Éire in aghaidh Shasana i Twickenham i gcluiche fíochmhar géar i gCraobh na Sé Náisiún sa Rugbaí.  Cluiche crua a bhí ann don dhá fhoireann.  Leis an gcic deireannach sa chluiche, scóráil Sasana preabchúl ó Mharcus Smith chun an bua a thabhairt dóibh.

Tháinig an imirt ó shíneadh amach a bhí ag Sasana.  Síneadh amach a bhfuair Sasana dá bharr gur chiceáil Conor Murray an liathróid amach thar an taobh líne.  Cinneadh a raibh go leor dioschúrsa faoi ar na meáin shóisialta agus daoine ag tabhairt amach faoi.

Ag labhairt in agallamh eisiach le Liathróidí.ie dúirt leathchúlaí clibirte Newcastle Falcons agus iar-Laighin Hugh O'Sullivan gurbh an cinneadh ceart a bhí ann.

An cinneadh a thóg Conor Murray chun an cic a chur as an bpáirc ag deireadh an chluiche,

i mo thuairim féin cheap mé gurbh an cinneadh ceart a bhí ann mar an chéad rud atá ann ná bhí níos mó ná nóiméad fágtha agus má thógann tú cúig nó sé ruc eile laistigh i do limistéar 22’ féin tá an réiteoir ag féachaint go géar ar an ruc agus seans maith go dtabharfadh sé cic pionóis do na Sasanaigh.

Deir O'Sullivan gur chinneadh maith a bhí ann agus mar gheall ar chlisteacht agus crógacht na Sasanaigh gur éirigh leo chomh maith sin ag an deireadh sa síneadh amach agus ag cur an liathróid díreach amach go dtí an cliathán.

Cic maith a bhí ann. Bhí ar Éire cosaint síneadh amach óna Sasanaigh agus bhí siad ceathracha méadair amach.  Is dóigh go raibh Simon Easterby sásta leis sin.

Rud eile má chuimhin leat bhí Chandler Cunningham-South gortaithe so ní raibh ach ceithre imreoir déag ag na Sasanaigh ag an am sin ach tar éis é sin cheap mé gur chinneadh cliste ar dtús ceathrar a chur sa síneadh amach do na Sasanaigh mar tá sé níos éasca an síneadh amach a bhuacaint nuair atá níos lú imreoirí ann mar tá níos mó spás agus cinneadh cróga a thóg Marcus Smith i mo thuairim mar chuir siad an liathróid díreach amach go dtí an cliathán ón síneadh amach sin.

Fuair siad spás maith ansin.  Bhí iompar do-chreidte i ndáiríre ag Feyi-Waboso mar bhris sé tríd.  Ansin bhris siad isteach ag limistéar 22 Éire agus de réir an brú sin fuair siad cic pionóis agus ansin fuair Smith an preabchúl sin ag an deireadh, so ya, cinneadh ceart a thóg Murray i mo thuairim féin ach cinneadh cliste agus cróga a thóg na Sasanaigh ón síneadh amach sin.

Cluiche géar a bhí ann ar an lá.  D'imir an dá fhoireann an-mhaith ach bhí an lámh in uachtar ag Sasana an uair seo.  Is féidir cáineadh a dhéanamh ar rudaí áirithe ón gcluiche go háirithe ar chinneadh Conor Murray an liathróid a chiceáil amach thar an taobhlíne ach cinneadh maith a rinne sé de réir Hugh O'Sullivan.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement