• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Anailís: Tugann Brú Ollmhór ar an Ruc agus Úd Ríthábhachtach Lebel an Bua do Toulouse

Anailís: Tugann Brú Ollmhór ar an Ruc agus Úd Ríthábhachtach Lebel an Bua do Toulouse

Anailís: Tugann Brú Ollmhór ar an Ruc agus Úd Ríthábhachtach Lebel an Bua do Toulouse
Hugh O'Sullivan
Le Hugh O'Sullivan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Bhain Toulouse amach a séú réalta tar éis bua stairiúil i gcorn na Seaimpíní ar an deireadh seachtaine is iad a briseadh croí cúige Laighean in am briseadh.

Bhí an dhá foireann fíor cothrom ar feadh an chéad ochtú nóiméad is iad ag dul scór ar scór go dtí na nóiméad deireanach den cluiche. Bhí an deis ag Ciarán Frawley an cluiche a bhuachan le preab chúl sa 79ú nóiméad tar éis dó na foireann a chuir a comh scór díreach roimh an nóiméad cinniúnach seo. Tarraing an cic ar deis agus ar fóraoil is an cluiche ag dul chun am briseadh.

Thosaigh an scéal ag dul in olcas do Laighin in am briseadh le James Lowe dhá chuir den páirc agus bhain Toulouse leas as an fear briseadh chun an t’aon úd den chluiche a aimsiú agus an buille marfach do Laighin. Críochnaigh an cluiche 31-22 agus Cúige Laighean ag fulaingt don triú uair i trí bliana.

Rinne leathchúlaí clibirte Newcastle Falcons agus iar imreoir Laighean Hugh O Sullivan cuir síos ar na príomh eachtraí a thug an buntáiste do Toulouse chun an bua a bhaint amach.

Tionchair an ruc a mhoilliú

Ag teacht isteach sa chraobh, bhí neart de na Meáin ag rá go mbeidh go leor úd sa cluiche agus go mbeidh sé ina cluiche árd scóráil, ach níor oibrigh sé amach mar sin. Ní raibh aon úd scóráilte taobh istigh den chéad 80ú nóiméad. Bhí Toulouse eagraithe sa chosaint ginearálta, ach an rud is mó a chuir isteach ar ionsaí Laighin ná an brú a chuir Toulouse ar an ruc.

Ag teacht isteach in aon cluiche rugbaí, bíonn gach foireann ag iarraidh brú a chuir ar ruc an fhreasúra chun athchúrsáil an liathróid a moille síos comh maith leis an ionsaí. Tá sé soiléir anois gur chuir Toulouse béim ollmhór ar an gné seo den cluiche  is iad ag ullmhú don chraobh. Bhí sé soiléir taobh istigh den chead 10 nóiméad go mbeidh Toulouse láidir sa pháirt seo den cluiche. 

Sa phictiúr thuas, feicimid Jamie Osborne at iompair an liathróid. Tá Henshaw tar éis líne a rith is é ag tnúth leis an liathróid uaidh Osborne ó pas beag nó offload roimh an greamú ach níor tugadh an pas. De bhar sinn, tá Osborne ina aonar.

FÓGRA

D’aithin Hugo Keenan agus Will Connors é seo, agus thug siad tacaíocht do Osborne ag an ruc go gasta, mar a feicimid thuas. I dtosach báire, buann siad an rás thar an liathróid i gcoinne Meafou, dara sraith Toulouse. Ach is fear ollmhór e Meafou, tá sé 140kg agus 6ft7, beag nach comh mhór le Will Skelton, agus tá tionchar dochreidte aige ar an ruc seo.

 

FÓGRA

Sa phictiúr seo, tá sé soiléir an méid damáiste atá déanta ag Meafou don ruc. De bharr an béim a chuir Toulouse ar an gné seo den chluiche, teann Alexandre Roumat isteach sa ruc le Meafou chun tacaíocht a thabhairt dó. Tá Osborne ag deanamh iarracht an liathróid a shocraigh ar ais go cúl an ruc, ach fiú má tá Gibson-Park ábalta an liathróid a pioc suas ag an pointe seo, beidh sé faoi bhrú ollmhór agus beidh Laighin faoi míbhuntáiste.

Ar deireadh, buann Meafou agus Roumat an troid i gcoinne Keenan agus Connors. D’aithin beirt frapa ó Toulouse, Baille agus Aldegheri, é seo agus teann siad isteach chun níos mo tacaíocht a thabhairt dóibh mar tá deis ag Toulouse an liathróid a bhuacaint anois. De bharr an bhrú a chuir Toulouse ar an ruc seo, bhronnann an réiteoir Matthew Carley cic éirce ar Toulouse. Leis an cic chun cúil a thóg Blair Kinghorn ina diaidh seo, chuaigh Toulouse 0-6 chun chinn ar an clár scór.

Bhí an bhrú seo ar ruc Cúige Laighean seasmhach don cluiche go léir. Tá an greamú sa phictiúr thíos mar an chéad chéim ó gluaiseacht bheartaithe Laighin sa dara leath. 

FÓGRA

Go minic bíonn coitséalaí chosaint ag caint faoi ‘time in tackle’ sa chosaint mar go dtugann sé seo am do na cosainteoirí iad fhéin a eagrú tar éis iompair ón fhreasúra. Teann Osborne isteach sa ghreamú seo le  44:56 ar an gclog. 

5 shoicind níos deanai, le 45:01 ar an gclog, tá an liathróid fós sa ruc. Rinne Ntamack agus go háirithe Jack Willis, jab iontach Osborne a choinneal ón talamh agus athchúrsáil an liathróid a moille síos. 

FÓGRA

 De bharr an sar jab a rinne Willis sa ruc seo, caithfidh James Ryan teacht isteach chun tacaíocht a thabhairt go dtí Gibson-Park, rud nach mbeidh plánáilte sa gluaiseacht bearthaithe seo ó Cúige Laighean.

Ar an babhta seo, ní buann Toulouse an liathróid ar ais, ach fós stopann siad móiminteam Laighin agus níl Gibson-Park ábalta an liathróid a bogadh amach ón ruc go gasta. Bhí Gibson-Park faoi ardbhrú don cluiche ar fad, ní amháin san uair seo. Bhí an bhrú seo ar ruc Cúige Laighean soiléir ó thus go deireadh an cluiche, agus bhí sé lárnach sa toradh deirenach.  

Úd Lebel

Anois féachaimid ar úd ríthábhachtach a scórail Matthis Lebel i rith am breise. Taispeánann an phictiúr thíos an ruc deirenach roimh an úd agus tá James Lowe i mbosca an pheaca. 

FÓGRA

Tá Ciaran Frawley tar éis greamú thar bharr a deanamh ar Blair Kinghorn ar an cliathán, ach bhí sé gortaithe sa ghreamú. De bharr sin, tá sé mall ag fháil ar ais sa líne agus caithfidh Gibson-Park fanacht sa líne chosaint ar feadh soicind nó dhó níos faide, roimh a bhogann sé ar ais go dtí cúl na páirce chun tacaíocht a thabhairt do Hugo Keenan. Ó taobh ionsaí Toulouse, coimeád súil ar Thomas Ramos, a thosaigh ag an ruc ar an gcliathán deas. 

Toisc nach bhfuil ach ceathrar déag ar an bpáirc acu, agus go bhfuil Frawley ar an dtalamh gortaithe, tá Cúige Laighean caol sa chosaint. Bogann Toulouse an liathróid amach agus go fíor-tábhachtach, thugann Ntamack pas luath amach an cúl doras go Ramos, atá tar éis sar ráta oibre a thaispeáint chun bogadh ón cliathán dheas go dtí an cliathán clé chun fearr breise a cruthaigh do Toulouse san ionsaí. 

Ó taobh chosaint Laighin, nuair a bhí Neinaber ag féachaint ar ais ar an píosa imeartha seo, is dóigh liom gur theastaigh uaidh Larmour bhrú a chuir ar Ramos agus iarracht greamú a deanamh air, seachas am a thabhairt dó. Más rud é go ndearna Larmour é sin, agus fiú má bhí am ag Ramos pas beag a chuir amach go dtí Chocobares, i stíl cosaint Laighin beidh deis ag Henshaw bogadh go dtí an cliathán agus táim lán cinnte go deanfaidh sé greamú ar Chocobares. Ach bhí Larmour idir dhá comhairle agus níor chuir sé i bhfeidhm cosaint ceann ar aghaidh nó sleaschosaint. 

FÓGRA

Tá Cúige Laighean i dtrioblóid anois. Tar éis neart méadar a chailleadh síos an cliathán, deanann Chocobares jab simplí ach jab tábhachtach an líne atá sé ag rith a díriú suas. Ina theannta sin thugann sé an pas go dtí Lebel díreach ag an am ceart, ionas nach beidh seans ar bith ag Keenan greamú a deanamh ar Lebel.

Thaispeáin Josh van der Flier agus Larmour ráta oibre maith chun iarracht greamú a dheanamh ar Lebel, ach tá an cliathánaí clé ró-tapaigh dóibh. Ar deireadh, tosc go raibh ar Gibson-Park fanacht sa líne cosaint ar feadh soicind nó dhó níos faide mar go raibh Frawley gortaithe ar an dtalamh, níl a ndóthain am ag an leath chúlaí clibirte rith trasna na páirce go léir. De bharr sin tá críoch easca ag Lebel síos an taobh líne. 

Mar fhocal scoir, tá sé feachta againn an méid brú a chuir Toulouse ar Laighin timpeall an ruc agus gan dabht beidh Cúige Laighean díomách faoi sin. Ina theanta sin, cé gur tháinig Laighin air ais sa cluiche in diaidh úd Lebel le úd ó van der Flier, scóráil Toulouse an úd sin ag am cinniúnach, nár scaoil dóibh teacht ar ais go hiomlán sa cluiche. 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement