• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Anailís: Conas gur thug Feabhas Cosaint Éire an bua dóibh i gCoinne an Aifric Theas i Durban

Anailís: Conas gur thug Feabhas Cosaint Éire an bua dóibh i gCoinne an Aifric Theas i Durban

Anailís: Conas gur thug Feabhas Cosaint Éire an bua dóibh i gCoinne an Aifric Theas i Durban
Hugh O'Sullivan
Le Hugh O'Sullivan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tháinig críoch leis an sraith samhraidh rugby na hÉireann in aghaidh an Aifric Theas ar slí an-chorraitheach Dé Sathrain, le preab chúl Ciarán Frawley sna nóiméad deirenach ag tabhairt bua iontach dóibh i Durban.

Ba léiriú iontach a bhí ann don foireann is iad ag ceartú na botúin ón chéad cluiche i Pretoria, ina raibh ceannasaíocht ag an Aifirc Theas ar chuile gné den cluiche is iad ag baint amach bua 27-20 an tseachtain roimhe.

Bhraith Hugh Ó Sullivan gur b’iad na hathrútí sa chosaint a thug an bua d’Éireann, is iad ag foghlaim ceachtanna tábhachtach ón caillteanais i Pretoria.

LÉIGH ANSEO: Déanann Bernard Jackman Cur Síos Ar An Rud A D’Íoc Éire As I gCoinne Na hAfraice Theas

Conas ar feabhsaigh cosaint Éire idir an chéad agus an dara cluiche.’

Ag teacht isteach sna cluichí seo, bhí neart caint faoin tionchar a beidh ag an coitséalaí nua Tony Brown ar ionsaí an Afraic Theas. Díreach ó tús an chéad cluiche, bhí sé soiléir go raibh an Afraic Theas ag úsáid an páirc ar fad nuair a bhí siad ar an ionsaí, ag dul ó taobh go taobh na páirce go minic. I rith Corn an Domhain, bhí siad i bhfad níos dírí agus trodach nuair a bhí siad ar an ionsaí, agus d’úsáid siad na tosaithe go minic chun an liathróid a iompair i lár na páirce.

Feicimid sa phictiúr thíos an trioblóid a bhí ag na hÉireannaigh sa chéad cluiche agus iad ag iarraidh stop a chur leis an stíl nua ionsaí a bhí ag an Afraic Theas. Thíos, tá an Afraic Theas tar éis an liathróid a bogadh amach go dtí Pieter-Steph du Toit, atá taobh amuigh den líne 15 méadar agus é ag chuir leithead in imirt na foirne. Tá Henshaw agus Aki ag obair go crua chun an spás a dúnadh síos ach tá siad ag rith trasna na páirce lena cromáin ag dul i dtreo an taobhlíne. Tá sé thar a beith deachar greamú ceannasach a déanamh agus tú san áit seo, go háirithe i gcoinne imreoir cosúil le Pieter-Steph du Toit. Iompair du Toit an liathróid neart méadar thar an líne gnóthachain ina diaidh seo agus sa chéad chéim eile, bhog an Afraic Theas an liathróid díreach amach go dtí an cliathán eile, agus scoráil Kurt-Lee Arendse an chéad úd den cluiche.

 

FÓGRA

Níos deanaí sa chéad cluiche, chonaiceamar arís na deacaireachtaí a bhí ag Éire agus iad ag cosaint i gcoinne an stíl nua ionsaí a bhí ag an Afraic Theas. Sa chéim atá sa phictiúr thíos, thug Pollard pas fhada amach go dtí an triúr tosaí i líne ionsaithe an Afraic Theas. De gnáth, agus i rith Corn an Domhain mar shampla, thug Pollard an pas seo go dtí an dara tosaí i líne ionsaithe an Afraic Theas.

 

Thug an tríu tosaí pas amach an cúl doras taobh thiar den frapa go dtí Pollard agus arís, bogann an Afraic Theas an liathróid amach go dtí an cliathán dheas, áit atá Kolbe ag glaoch don liathróid lena lámha suas san aer aige. Is stíl nua é seo don Afraic Theas agus gan dabht tá Tony Brown tar éis an stíl nua seo a thabhairt isteach. Cé go bhfuil líne cosaint eagraithe ag Éire, feicimid sa phictiúr thíos na tríoblóidí a bhí acu ag cosaint amach in aice leis an taobh líne. Díreach cosúil leis an chéad pictiúr san alt seo, tá Aki, Crowley, agus Casey, ag rith i dtreo an taobh líne agus tá an lámh in uachtar ag Kolisi agus é ag iompair an liathróid. Tógann Casey go dtalamh é le greamú ísle sa chéim seo, ach, agus é ag iarraidh brú a chuir ar ruc an Afraic Theas, bhí Aki calaoiseach sa ruc.

FÓGRA

 

Cinnte ní raibh Andy Farrell agus Simon Easterby sásta le roinnt den cosaint sa chéad cluiche agus de bharr sin chonaiceamar go raibh feabhas tagtha ar cosaint Éire sa dara cluiche. Feicimid anois na cúiseanna dó seo.

 

FÓGRA

 

Ar dtús, bhí soiléir nach raibh Éire caol sa chosaint i rith an cluiche seo, fadhbh a bhí acu go minic sa chéad sraith i Pretoria. Feicimid go bhfuil an páirc ar fad clúdaithe ag Éireann, agus dá mbeadh cinneadh déanta ag Pollard an liathróid a pasáil amach an cúl doras an uair seo, bhí Ringrose, Murray agus Obsorne suite in áit maith chun an ionsaí a dhúnadh síos.

 

FÓGRA

In ainneoin sin, is dócha nach beidh Tony Brown sásta le roinnt de na cinneadh a thóg imreoirí an Afraic Theas agus iad ar an ionsaí. Ní raibh láimhseála an Afraic Theas comh slachtmhar is a bhí sé i Pretoria freisin. Sa phictiúr thuas, tá Feinberg-Mngomezulu tar éis cic a chuir isteach ar an turlár go dtí an cúinne, ach bhí deis maith acu an liathróid a coimeád sa lámha mar go raibh 2v1 réasúnta easca ag Kolisi agus Kurt-Lee Arendse síos an taobh-líne i gcoinne Crowley.

 

An rud deirenach a feicimid ar maidir le cosaint Éire ná an tionchar a bhí ag Garry Ringrose ar cé comh leathan is a bhí Éire sa dhara cluiche. Tosaigh Aki agus Henshaw i lar na páirce do na hÉireannaigh i Pretoria agus is comhpháirtíocht dochreidte iad an beirt acu, ach i Durban thug Farrell deis do Ringrose a beith sa cluiche ón tús mar trícheathrúnach amuigh. I gcomparáid le Henshaw, tá níos mo thaithí ag Ringrose ag cosaint san ionad seo leis na blianta beaga anuas. Feicimid anuas an cumarsáid éifeachtach go bhfuil Ringrose ag thaispeáint, agus é ag glaoch ar Kelleher agus McCarthy chun teacht timpeall an cúinne. Caithfidh na beirt toisí é seo a dheanamh go tapaí ionas go mbeidh deis as Ringrose níos mo leithead a chuir isteach i líne cosaint na foirne.

FÓGRA

 

 

4 soicind níos deanaí, agus an liathróid ag teacht amach as an ruc, tá Éire eagraithe agus leathan sa chosaint. Tá an spás thimpeall an ruc líonta ag McCarthy, Bealham, agus Kelleher, agus de bharr sin tá Ringrose (ag barr an pictiúr) in áit maith chun aon sórt iarracht a déanann an Afraic Theas an liathróid a chuir amach go dtí an cliathán a dúnadh síos.

FÓGRA

Mar fhocal scoir faoin cosaint, cé nach mbeidh Farrell sásta leis an méid cic éirce ar ghéill Éire sa dara cluiche (scórail Pollard ocht cic éirce ó thús go deireadh an cluiche), caithfidh go bhfuil Farrell agus na hÉireannaigh ar fad ríméadach nár scórail an Afraic Theas úd amháin sa cluiche i Durban. Tá sé fíor deacair é sin a dheanamh as baile i gcoinne churaidh an domhain.

LÉIGH ANSEO:Anailís: An Beart a Chabhraigh le Éire dhá Úd a Aimsiú i dhá Chluiche

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement