Tá Cúige Laighean tar éis bogadh ar aghaidh chuig a triú cluiche ceannais Corn na Seaimpíní as a chéile le bua 20-17 thar Northampton Saints an deireadh seachtaine seo caite. Rinne leathchúlaí clibirte na Newcastle Falcons Hugh Ó Sullivan anailís ar an gcluiche is roghnaigh sé na buachphointí is mó a chabhraigh le Laighean an cluiche a bhuachan ach comh maith le sin na áiteanna dainséir a thug seans do Northampton teacht ar ais sa gcluiche.
Dara úd Cúige Laighean
At teacht isteach sa cluiche an seachtain seo caite, bhí neart caint faoi ionsaí Northampton, comh maith le coitséalaí Sam Vesty agus na gluaiseacht bheartaithe éifeachtach a úsáideann sé leis na Saints. Ach go luath sa cluiche, bhí gluaiseacht bheartaithe suimiúil ag Cúige Laighean a chur chun cinn sa cluiche iad.
Ar an chéad dul síos, sa pictiúr seo, níl ach cúigear sa shíneadh amach ag Cúige Laighean. An cuid is mó den am, cuireann foirne seisear nó seachtar sa shíneadh amach san áit seo den pháirc, is iad ag iarraidh crág a cruthú chun úd a scóráil.
Caitheann Sheehan an liathróid chuig cúl an shíneadh amach, thar an líne 15m, agus ní timpiste é seo. Nuair a théann an liathróid thar an líne 15 méadar, ciallaíonn sé sin go bhfuil an shíneadh amach thart agus gur féidir le cosantóir Saints agus ionsaitheoirí Cúige Laighean teacht suas thairis an líne as imeartha. Tá a fhios ag Doris roimh an shíneadh amach cá bhfuil an liathroid ag dul agus de bharr sin feicimid é ag dul díreach isteach sa crág nuair a théann an liathróid trasna an líne 15 méadar.
Feicimid sa pictiúr seo go bhfuil Sheehan ag fanacht as an crág, agus go bhfuil Lowe agus JGP ag bogadh ó dheas go clé taobh thiar den crág. Tosc gur caith Cúige Laighean an liathróid trasna an líne 15m, tá aird na cosantóir dírithe go dtí an áit sin agus ní fheiceann siad Lowe ar an gcliathán.
Go dtí an pointe seo, tá an beart oibrithe go foirfe. Feicimid anois an méid spás atá ar an cliathán clé os comhair James Lowe. Tá seans maith ag an pointe seo den beart go raibh sé réamhbheartaithe go tabharfaidh Doris pas amuigh an cúl doras go dtí Gibson-Park agus beidh 2v1 easca aige féin agus Lowe i gcoinne Mitchell. Ach tá muinín ag Doris sa cumas iompair atá aige, agus déanann sé iarracht é féin chun úd a scoráil. Faighean sé thar an líne, ach déanann cosantóir Northampton iarracht maith chun Doris a coimeád den talamh thart an líne. I rith iarracht Doris an liathróid a athchúrsáil, sciorrann an liathróid suas san aer agus chonaiceamar píosa scil den scoth ó JGP chun a liathróid a chur isteach i lámha Lowe ar an gcliathán, agus tá críoch easca aige ó shin. Ní dóigh liom gur scoráil sé úd níos easca an séasúr seo.
Tar éis an úd, bhí sé suimiúil le fheiceáil Nienabarr ag ceiliúradh sa boscach le Robin McBryde and Andrew Goodman go háraithe. Gan dabht rinne an beirt acu neart staideár ar cosaint Saints sna seachtaine roimh an cluiche agus d’aithin siad deis úd le scoráil leis an beart cliste seo. An t-aon áit eile go bhfuil beart céanna féachadh agam ná sa TOP14 an séasúr seo i cluiche idir La Rochella agus Oyonnax. An t-aon difríocht a bhí sa beart seo na gur thug Gregory Alldritt ó La Rochelle an pas taobh thiar den hualaí go dtí an leathchúlaí clibirt Thomas Berjon, a scoráil úd easca sa cúinne.
Teacht aniar Northampton
Ina iarrachtaí teacht ar ais sa cluiche, bhain Saints leas as roinnt spás a bhí ar cúl na páirce ag Laighin ar dhá uair éagsula. Sa 57ú nóiméad, bhí shíneadh amach ag Cúige Laighean ar a líne 10 méadar féin.
Chaill siad an liathróid sa shíneadh amach agus de bharr sin, tá cosantóir Cúige Laighean mí-eagraithe. Tar éis an seilbh a fháil ar ais, teann na Saints díreach ar an ionsaí agus tosaíonn sé le ruathar iontach ó Fraser Dingwall. Is é an pictiúr thíos an ruc a tharla ina diaidh an iompar Dingwall.
An rud atá ríthábhachtach anseo ná go bhfuil Frawley, lánchúlaí Cúige Laighean, páirteach sa greamú agus de bharr sin bhí spás i cúl na páirce. Ina theannta sin, tá athchúrsáil an liathróid sa ruc seo thar a beith sciobtha, agus bogann Mitchell an liathróid amach go gasta.
Tá Cúige Laighean mí-eagraithe anois, agus feicimid cliathán clé Laighin, James Lowe, ag obair trasna na páirce chun áit Fraley a thógail ag cúl an pháirc. Tá Cúige Laighean caol sa chosaint agus thaispeánann Saints láimhseáil slachtmhar, go háirithe le pas ó an dara sraith Alex Moon, chun an liathróid a bogadh amach go dtí Hendy ar an cliathán.
Caithfidh Lowe teacht isteach sa líne chun Hendy a chosaint ach tá neart spás i cúl na páirce de bharr sin. Cuireann Hendy smiot beag ós cionn Lowe isteach sa spás. Buann Hendy an rás go dtí an liathróid agus tá críoch easca aige ó sin. De ghnáth, bíonn beirt ag Cúige Laighean i cúl na páirce, ach toisc go bhfuil Frawley ar an t-urlár, agus go gcaithfidh Lowe teacht suas sa líne, tá neart spás do Hendy smiot a chur isteach.
Nothampton ag Baint Leas as an Spás ag Cúl na Páirce
Ar deireadh, feicimid ar am eile a bhain Northampton leas as spás a bhí i cúl na páirce ag Laighin.
Sa phictiúr thuas tá Laighin tar éis an liathróid a glanadh amach as a limistéar 22 meadar féin le ciotóg Lowe. Rith Lowe i ndiaidh a chic féin, agus tá beirt fágtha i cúl na páirce ag Cúige Laighean, Fralwey and Gibson-Park. Tá James Ramm ag teacht ar an frithionsaí ag lorg spás.
Thugann Ramm pas gleoite thar ceann Larmour go Freeman ar an gcliathán clé. Tagann Frawley suas sa líne as cúl na páirce chun Freeman a chosaint, ach arís tá neart spás fágtha taobh thiar de.
Chiceáil Freeman an liathróid síos an taobh líne isteach sa spás, agus bhí ar Gibson-Park teacht trasna chun an liathróid a bhailiú. Bhí sé faoi an-bhrú, agus de bharr sin buann Saints clibirt ar líne 5 méadar Cúige Laighean. Thug an cic ó Freeman an seilbh i limistéar 22 méadar Laighin a bhí Northampton ag lorg don cluiche ar fad. Cúpla nóiméad níos deanaí, de bharr an seilbh seo agus an brú a chuir siad ar Laighin san áit seo den pháirc, scoráil Tom Seabrook úd sa cúinne clé agus bhí teannas sa cluiche go dtí an críoch.
Ag dul isteach sa cluichí i gcoinne Ospreys agus Cúige Uladh sa URC, beidh Cúige Laighean ag iarraidh na fadbhanna seo a réiteach. Anuas ar sin, táim cinnte go mbeidh McBryde and Goodman ag féachaint go gearr ar Touoluse i rith na seachtaine idir anois agus an cluiche ceannais, agus iad ag iarraidh gluaiseacht bheartaithe eile a cruthú chun chosaint Touoluse a briseadh síos, mar a rinne siad do dhara úd Laighin.