• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • Anailís: An Beart a Chabhraigh le Éire dhá Úd a Aimsiú i dhá Chluiche

Anailís: An Beart a Chabhraigh le Éire dhá Úd a Aimsiú i dhá Chluiche

Anailís: An Beart a Chabhraigh le Éire dhá Úd a Aimsiú i dhá Chluiche
Hugh O'Sullivan
Le Hugh O'Sullivan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Dé Sathrain tháinig críoch le séasúir rugby na hÉireann le bua 25-24 in aghaidh an Aifric Theas. Ba é preab chúl sna nóiméad deireaneach ó Ciarán Frawley buaic phointe an cluiche is é ag tabhairt an bua d’Éireann.

Cé go bhfuil an caint ar fad faoi crógacht Frawley, creideann Hugh Ó Suillivan go raibh an beart seo, a d’usáid Éireann sa dhá cluiche, comh tábhachtach ceánna sa bua iontach i Durban.

LÉIGH ANSEO:Déanann Bernard Jackman Cur Síos Ar An Rud A D’Íoc Éire As I gCoinne Na hAfraice Theas

Forbairt an cic amach úd-líne isteach i mír sheasta nua

 

Le timpeall 5 nóiméad fágtha sa chéad cluiche, bhí úd ag teastail uaidh na hÉireannaigh. Sa phictiúr thuas, tá an Afraic Theas ag tógail cic amach ó líne an úd. Tá cic amach líne an úd beag nach mar mír sheasta nua anois. Tá go leor foirne ag úsáid an seilbh a faigheann siad ón cic amach chun gluaiseacht bheartaithe atá cleachtach acu i rith an seachtaine a úsáid.

 

Tar éis an cic amach líne an úd ón Afraic Theas sa 75 nóiméad, chuaigh Doris ar ruathar i lar na bpáirce. Tá sé níos deacaire cosaint ó ruc i lár na páirce, mar caithfidh tú dhá taobh an ruc a chosaint. Feicimid thuas an líne a ritheann Frawley isteach in aice leis an ruc díreach nuair a caitheann Murray an liathróid sa dtreo eile. An fáth a dheanann Frawley é sin ná chun filleadh timpeall an cúinne na cosantóirí atá ar an taobh sin den ruc a moille síos.

FÓGRA

 

 

Tar éis an pas a fháil ó Murray, deanann Bealham sar jab chun an ionsaí a díriú suas agus Malcon Marx a sheasamh síos. Tá Healy ag rith líne bréige anseo, agus ag an nóiméad deireanach, thagann Kelleher isteach san imirt ar luas lasrach, agus ritheann sé triad bearna mór tar éis pas dall a fháil ó Bealham. Ag bun an pictiúr thíos, tá sé soiléir go bhfuil an beart seo rithe ag Éire go minic i rith na seachtaine mar tá Ringrose, ag é tnúth leis an briseadh líne, ag rith tríd líne cosaint an Afraic Theas ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do Kelleher.

FÓGRA

 

Tá go leor tacaíocht ag Kelleher, agus tá rabhadh aige pas a thabhairt do Murray nó Crowley ar a thaobh dheas, nó pas a thabhairt do Murray ar a thaobh clé. Tá críoch easca ag Murray nuair a faighean sé an pas ó Kelleher, ach cinnte go raibh Mike Catt lán sásta leis an beart seo, go háirithe toisc go raibh na himreoirí comh cruinn leis an láimhseála fiú sa 75ú nóiméad.

 

FÓGRA

 

Go luath sa dara cluiche, chonaiceamar gluaiseacht bheartaithe ó cic amach líne úd uiadh Éire a bhí an-cosúil leis an ceann a rith siad ag deireadh an chéad cluiche. Taispeánn Mike Catt cé comh cliste is atá sé leis an beart seo. Bhí a fhios aige go mbeidh an Afraic Theas buartha faoin beart ón chéad cluiche agus de bharr sin d’athraigh sé rud beag ach rud tábhachtach. Seachas an beart a déanamh i rith an chéad céim ina diaidh iompair ó Doris  (mar a rinne siad sa chéad cluiche), bhí iompair eile acu ó Porter ina dhiadh iompair Doris. Tar éis é sin, tá gach rud eile an-cosúil leis an úd sa chéad cluiche.

 

FÓGRA

 

Sa phictiúr thuas, feicimid Beirne agus Van der Flier ag rith línte isteach in aice leis an ruc, díreach mar a rinne Frawley sa chéad sraith.

 

FÓGRA

 

Tá an gné seo den gluaiseacht bheartaithe díreach cosúil leis an chéad cluiche, ach tá imreoirí difriúla lárnach ann. An tseachtaine seo caite, fuair Kelleher an pas cinniúnach ó Bealham, ach an uair seo tá sé ag rith an líne bréagach, agus é ag iarraidh bob a bhualadh ar Frans Malherbe go bhfuil sé chun pas a fháil ó Crowley. Tá Osborne ceilte taobh thiar de Kellher, ach ag an soicind deirenach, bogann Kelleher as an mbealach agus tá bearna mór os comhair Osborne. Tá neart tacaíocht le fháil ó Henshaw agus Murray, toisc go raibh siad ag tnúth leis an briseadh líne ón gluaiseacht bheartaithe seo.

 

FÓGRA

Tá sé an-spéisiúil ag féachaint ar an bealach a bhfuil gach foireann timpeall an domhain ag úsáid cic amach ó líne úd le deanaí. Tá sé feicfidh againn san dhá cluichí seo, agus fiú roimhe seo nuair a scoráil Hugo Keenan úd ó cic amach i gcoinne an Fhrainc sna 6 Náisiún i 2023 ó gluaiseacht bearthaithe, go bhfuil Éire thar a bheith nuálach sa tslí ina úsáideann siad seilbh ón mír sheasta nua seo.

LÉIGH ANSEO:Anailís: Conas gur thug Feabhas Cosaint Éire an bua dóibh i gCoinne an Aifric Theas i Durban

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement