• Baile
  • /
  • Rugbaí
  • /
  • 3 Imreoirí Nua I Scuad 35-Duine na hÉireann Andy Farrell don Afraic Theas

3 Imreoirí Nua I Scuad 35-Duine na hÉireann Andy Farrell don Afraic Theas

3 Imreoirí Nua I Scuad 35-Duine na hÉireann Andy Farrell don Afraic Theas
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tá foireann na hÉireann ainmnithe ag Andy Farrell do chuairt na hAfraice Theas an samhradh seo. Tabharfaidh Éire aghaidh ar buaiteoirí an Chorn Domhanda i sraith dhá chluiche i mí Iúil.

Tá roinnt cinntí suimiúla déanta ag Farrell, le Éire ag iarriadh móiminteam a ardú arís tar éis deireadh díomách le séasúr na gcúigí.

Scuad na hÉireann do chuairt na hAfraice Theas

Is deis mór é seo do imreoirí óga, dar leis an lucht leanúna, agus is é sin an fáth go bhfuil sé iontach imreoirí cosúil le Cormac Izuchukwu, Jamie Osborne agus Sam Prendergast a fheiceáil san áireamh ar an bhfoireann.

Ní thabharfaidh Farrell ach dhá leathchúlaithe amuigh traidisiúnta, agus roghnaíodh Prendergast agus Ciarán Frawley mar thaca dóibh.

Tá roinnt imreoirí a bhfuil cáil mó ag baint leo as láthair, áfach.

Ní bheidh Jamison Gibson-Park ann de bharr gortú i dteannán a ioscaide, agus mar sin tá Caolin Blade ó Chúige Chonnacht sa scuad ina áit.

Ní bheidh Jack Conan ann a thuile i dturas samhraidh na bliana seo toisc go bhfuil é féin agus a bhean ag súil lena gcéad leanbh. Tá áit sa scuad tuillte ag deartháir Sam Prendergast, Cian, ina áit.

FÓGRA

 

Na Tosaithe:

Ryan Baird
Finlay Bealham
Tadhg Beirne
Caelan Doris
Tadhg Furlong
Cian Healy
Rob Herring
Cormac Izuchukwu *
Oli Jager
Ronan Kelleher
Joe McCarthy
Peter O’Mahony
Tom O'Toole
Andrew Porter
Cian Prendergast
James Ryan
Dan Sheehan
Nick Timoney
Josh van der Flier

FÓGRA

Cúlaithe:

Bundee Aki
Caolin Blade
Craig Casey
Jack Crowley
Ciaran Frawley
Robbie Henshaw
Jordan Larmour
James Lowe
Stuart McCloskey
Conor Murray
Calvin Nash
Jimmy O’Brien
Jamie Osborne
Sam Prendergast
Garry Ringrose
Jacob Stockdale

* imreoirí gan imirt don fhoireann go fóill

FÓGRA

Cluichí Éireann v An Afraic Theas

Tá an tsraith dhá chluiche le bheith ina sraith sceitimíneach, le súil ollmhór ag méadú le seachtainí anuas, agus seaimpíní an domhain ag súil le deireadh a chur le haon cheist faoi Éire a bheith mar fhoireann níos fearr ná iad.

Tá na imreoirí Springboks Eben Etzebth agus Damian De Allende ag iarraidh an t-achrann a fhadú, ag caint faoi na meáin agus imreoirí Éireannacha as easpa measa a thabhairt dóibh roimh agus tar éis an Corn Domhanda. Labhair Cheslin Kolbe ar an t-ábhar le déanaí, ag chuir dúshlán roimh na nÉireannach i mí Iúil , "Tá go leor cainte déanta faoi Éirinn agus an Corn Domhanda tuillte aici. Feicfimid i mí Iúil."

Beidh an chéad chluiche ar siúl i Loftus Versfeld, Pretoria ar an 6ú Iúil agus an cluiche cinniúnach ar siúl seachtain ina dhiaidh sin ag Hollywoodbets Kings Park i Durban ar an 13ú.

FÓGRA

Craolfar an dá chluiche beo ar Sky Sports.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement