Ba é an t-iomróir ón Sciobairín, Paul O'Donovan, an buaiteoir mór ag Gradaim Spóirt RTÉ oíche Dé Domhnaigh, agus an Gradaim Phearsa Spóirt na Bliana bainte amach don chéad uair ag an bhfear atá bonn óir Oilimpeach buaite aige faoi dhó.
An samhradh seo, bhí an fear 30 bliain d’aois ar an gcéad Oilimpeach Éireannach le bonn a bhaint amach ag trí Chluiche as a chéile (Rio 2016, Tóiceo 2020 agus Páras 2024), nuair a chuaigh sé i gcomhar le Fintan McCarthy chun an t-ór a bhuachan i gcomórtas éadrom-mheáchan céaslaire beirte na bhfear.
Trí seachtaine ina dhiaidh sin bheadh tuilleadh ratha ar O’Donovan agus é ag taisteal go dtí an Chraobhchomórtas Domhanda Rámhaíochta i gCeanada, áit ar bhuaigh sé bonn ór san imeacht éadrom-mheáchan céaslaire aonair.
Bhí iomaíocht ghéar ag O'Donovan chun an phríomhdhuais a bhaint amach, bonnbhuaiteoir dúbailte Oilimpeach Daniel Wiffen (snámh), an curaidh Oilimpeach Rhys McClenaghan (gleacaíocht) agus an curaidh Oilimpeach faoi dhó Kellie Harrington (dornálaíocht) ina measc, ach d'éirigh leis an lámh in uachtar a fháil orthu uilig.
Bhí O'Donovan ar an gcaoi céanna is a bhíonn sé i gcónaí nuair a d’fhiafraigh láithreoir RTÉ Jacqui Hurley dó céard a thugann spreagadh dó leanúint leis ag rámhaíocht:
"Taitníonn an spórt liom ar aon nós, cabhraíonn sé sin. Bhí roinnt cairde maithe agam mar chomhimreoirí freisin thar na blianta, agus cuidíonn sé sin na torthaí a fháil agus rudaí," a dúirt sé.
“Nuair a bhíonn tú ag caint le seandaoine ar nós Timmy Harnedy agus Eugene Coakley timpeall na háite, bheadh siad ag rá gur mhian leo go raibh siad níos óige agus go bhféadfadh siad a bheith fós á dhéanamh [rámhaíocht].
"Measaim go bhfuil neart ama agat a bheith ag déanamh rudaí eile nuair a éiríonn tú níos sine sa saol , ar nós a bheith ag obair agus rudaí."
Bhí roinnt buaiteoirí eile ar an oíche freisin.
Ainmníodh an snámhaí as Luimneach, Róisín Ní Riain, mar Phearsa Spóirt Óg na Bliana ag RTÉ Sport. Bhain Ní Riain dhá bhonn Parailimpeach amach in 2024, nuair a bhuaigh sí bonn airgid sa Snámh Droma S13 100m, agus bonn cré-umha sa mheascán aonair SM13 200m.
Is é an traenálaí capall Willie Mullins Bainisteoir Spóirt na Bliana RTÉ 2024, tar éis dó a bheith ar an gcéad thraenálaí curaidh sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn araon, ó Vincent O’Brien i 1954.
Bhuaigh Katie George Dunleavy agus Linda Kelly gradam Foireann Spóirt na Bliana RTÉ tar éis dóibh boinn óir agus airgid a bhaint amach sa rothaíocht bóthair ag na Cluichí Para-Oilimpeacha i bPáras.
Rinneadh an dornálaí curadh Oilimpeach 1992, Michael Carruth, a ionduchtú go Halla na Laochra chomh maith.