Déannann Shay Given spior spear den dóchas go d’tabharfaidh Éirinn Lee Carsley i dtír

Déannann Shay Given spior spear den dóchas go d’tabharfaidh Éirinn Lee Carsley i dtír
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tá beagnach trí mhí caite ó a d’fhógair an FAI go raibh Stephen Kenny ag éirí as a phost mar bhainisteoir Poblacht na hÉireann, mar sin féin tá muid fós ag fanacht go n-ainmneoidh a ionaid.

D’fhág Kenny an post tar éis feachtais cáilíochta EURO 2024 úfásach, Ina bhfaca muid Éireann ag scóráíl ach cúl amháin in sna cluichí in aghaidh na Fraince, an Ísiltír agus an Ghréig, is gan piocadh suas ach sé phointe (sa dá cluiche in aghaidh Giobráltar).

De bharr nádúir feachtas cáilíochta na hÉireann, bhíothas ag súil le himeacht Kenny le cúpla seachtaine roimh an bhfógraíocht oifigiúil, is feitheamh ag déanamh ainmniú an comharabhach mar chúis frustrachas. 

Tá Lee Carsley tagaithe chun cinn mar roghnaithe i measc an lucht leanúna agus na hanailísí, leis an iar-imreoir lár páirce na hÉireann ag baint amach an-rath in a phost reatha mar bhainisteoir ar fhoireann faoi 21 Shasana. 

Mar sin féin, tá a iar-comhimreoir Shay Given tar éis spior spear a dhéanamh den dóchas go bhfuil an FAI ar tí sealú a dhéanamh ar shiniú Carsley.

Ní Chreideann Shay Given go mbeidh Lee Carsley mar an chéad bhainisteoir Éireannach eile.

Bhí Given mar léirmheastóir ar chlúdach RTÉ ar Shraith na Seaimpíní oíche Dé Máirt agus, tar éis do Manchester City Copenhagen a sheoladh gan stró, phléigh sé post bainistíochta folamh na hÉireann.

Thug an 134 chaipín iar-idirnásúntach Éireannach le fios go raibh foinsí ann a mhol nach mbeidh Carsley ag glacadh leis an bpost ag an tráth seo, ach seans gur féidir é a mhealladh sa todhchaí.

FÓGRA

“Is é mó tuiscint nárbh é Lee Carsley a bheidh ann. B’fhéidir nach anois ach b’fhéidir sa todchaí, go mbeidh suim ag Lee ann”.

Cuirfidh ráiteas Given díomá ar lucht leanúna na hÉireann, a thugann le tuiscint nach mbraitheann Carsley go bhfuil sé ag an bpointe ceart ina ghairm le dul i gceannas ar na Boys in Green.

Ag cur san áireamh gur imir Given le Carsley i bfoireann náisiúnta na hÉireann le breis agus deich mbliana anuas, is cosúil go bhfuil sé ina foinse creidiúnach don ábhar seo.

FÓGRA

I gcontrárthacht leis sin, dúirt Keith Treacy, comh-phléitheoir RTÉ le Given an tseachtain seo, gur bhraith sé go raibh an FAI gar do Lee Carsley a bhaint amach mar an chéad bhainisteoir eile ar fhoireann náisiúnta na hÉireann.

Ag labhairt le Podchraoladh Sacair RTÉ, bhí Treacy den tuairim go mbeadh Carsley sa phost sa deireadh. Dúirt Treacy gur labhair sé le roinnt iar-imreoirí idirnáisiúnta as Éirinn, a thug le fios go raibh Carsley ar tí conradh a shíniú:

“Labhair mé le iar-idirnáisiúnta, daoine ó giniúint Lee Carsley, tá siad ag gealladh dom go bhfuil an post uaidh”

Tá éilimh Treacy faoi Lee Carsley contrártha go díreach le héilimh Shay Given oíche Dé Máirt, agus níl amscála soiléir againn fós maidir le cathain a líonfar an folúntas in Éirinn.

Agus cluichí idirnáisiúnta i gcoinne na Beilge agus na hEilvéise ag teacht suas ag deireadh na míosa seo chugainn, beidh an lucht leanúna ag súil go ndéanfear coinne gan mhoill.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement