• Baile
  • /
  • Motorsport
  • /
  • Charlie Eastwood Ag Caint Faoi Alex Dunne Agus É Ag Súil Le Tiománaí F1 Éireannach

Charlie Eastwood Ag Caint Faoi Alex Dunne Agus É Ag Súil Le Tiománaí F1 Éireannach

Charlie Eastwood Ag Caint Faoi Alex Dunne Agus É Ag Súil Le Tiománaí F1 Éireannach
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí na dtiománaithe Éireannacha ag feabhsú le blianta beaga anuas, tar éis dul trí thréimhse chiúin le 20 bliain nó mar sin anuas.

Is é Ralph Firman an tiománaí is déanaí chun rás a dhéanamh le ceadúnas rásaíochta Éireannach sa tsraith F1 - i 2003. Dhíol Eddie Jordan a fhoireann Jordan Grand Prix i 2005, agus is beag baint a bhí ag na hÉireannaigh leis an tsraith ó shin.

Tá grúpa nua tiománaithe Éireannacha ag teacht tríd faoi láthair, áfach, le Alex Dunne sa tsraith Formula 3, agus James Roe agus Jonathan Browne sa tsraith Indy NXT.

Is dócha gurb é Dunne an tiománaí a bhfuil an cáil is mó air go dtí seo, níos mó fós tar éis dó síniú mar chuid de Chlár Forbartha Tiománaithe McLaren i mí na Bealtaine 2024, rud a mbeidh mar buntáiste amháin dá ghairm tiománaithe.

Charlie Eastwood ag caint faoina dúshláin a bhaineann leis an saol mar tiománaí

Tar éis dó tosú amach sna catagóirí sóisearacha é féin, tá a fhios ag tiománaí ‘World Endurance Championship’ agus buaiteoir ‘24hr of Le Mans’ 2020 Charlie Eastwood go rómhaith faoi na deacrachtaí a bhíonn ar tiománaithe déileáil leis, agus iad ag bogadh suas na gcatagóirí - ag lua tiománaí F1 le Mercedes George Russell mar sampla maidir le cé chomh deacair is atá sé suíocháin a fháil.

Níl sa tallainne ach píosa beag de i ndáiríre, ní mór duit an tacaíocht [airgeadais] a fháil chun leanúint ar aghaidh tríd an rud ar fad.

Tá sé thar a bheith dian, is léir gur fhág mé luath go leor mar thuig mé go dtógann sé an-cuid airgid chun é a dhéanamh, go leor urraitheoirí agus is léir nach bhfuil sé éasca iad a aimsiú.

Bhí duine cosúil le George Russell dhá mhí amach ó dhul go DTM nuair a bhí F3 á dhéanamh aige, agus bhí conradh aige le DTM a dhéanamh, agus ag an nóiméad deireanach sheol sé ríomhphost chuig Toto Wolff agus anois tá sé ina réalta F1.

Ní mór an aird a mbíonn ar tiománaithe atá ag glacadh páirt sna sraitheanna Formula 2 agus Formula 3. Bíonn siad ar an sceideal céanna le Formula 1, agus mar sin de bíonn seans ag foirne súile géire a choimeád ar an gcéad ghrúpa eile tiománaithe atá le teacht.

Thiomáin Alex Dunne sa tsraith F3 don chéad uair i mbliana i mBairéin le foireann MP Motorsport, tar éis dhá bhliain an-rathúla a bheith aige sna sraitheanna F4 agus GB3. Mar sin féin, beidh é mar chuid d’fhoireann McLaren an-úsáideach dó le dul chun cinn a dhéanamh dá shaol tiománaithe, dar le Eastwood.

FÓGRA

FÓGRA

Cinnte go bhfuil an tallann ann, agus is céim mhór é síniú Alex Dunne le McLaren le mí anuas, go háirithe ar an mbóthar sin go F1.

Tá súil agam go bhfuil siad [tiománaithe óga Éireannacha] in ann leanúint ar aghaidh ag obair chomh fada agus is féidir, agus níl ann ach an t-am leis seo ar fad.

Tá go leor torthaí láidre ag teacht tríd faoi láthair, tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh.

Cé nach bhfuair Eastwood a seans a bheith ag tiomáint i gcarranna ‘Formula’ ag ardleibhéil, tá sé thar a bheith sásta lena ghairm ráthúil rásaíochta seasmhachta.

Chríochnaigh Eastwood agus an #81 TF Sport Corvette sa 15ú háit ina gcatagóir LMGT3 ag Le Mans thar an deireadh seachtaine.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement