• Baile
  • /
  • Mótarspórt
  • /
  • ‘Táim i gceannas anseo!’ - Martin Brundle Mar Laoch an tSiúil Greille Arís i Monaco

‘Táim i gceannas anseo!’ - Martin Brundle Mar Laoch an tSiúil Greille Arís i Monaco

‘Táim i gceannas anseo!’ - Martin Brundle Mar Laoch an tSiúil Greille Arís i Monaco
Roinn an scéal seo

Bhuaigh Charles Leclerc a rás baile don chéad uair ag an deireadh seachtaine i Monaco, tar éis rás saghas leadránach a bheith ann i ndiaidh na brataí deirge. Ach b’é ceann dosna buaicphointí ná an Siúl Greille a rinne Martin Brundle ar Sky Sports roimh an rás, nuair mbíonn sé ag caint lena lán daoine a bhfuil clú agus cáil orthu a mbíonn ann don Grand Prix. Mar is gnách ag na rásaí móra seo, bhí a lán agallaimh míchompordaigh ann, agus rinne Brundle a dhícheall rud greannmhar a dhéanamh astu. Bhain sé cáil amach tráthnóna inné ar na meáin sóisialta de bharr seo, agus seo iad cúpla do na hagallaimh is fearr ón Siúl Greille:

Kylian Mbappé - Brundle ‘i gceannas’ anseo

An agallamh is cáiliúla ar an liosta seo, is dócha. Rinne garda cosanta Mbappé iarracht Brundle a choimeád siar uaidh, ach dúirt Brundle leis go daingean go raibh sé ‘an duine i gceannas anseo’ seachas an garda cosanta - rud a chuaigh ar na meáin sóisialta díreach láithreach. Ní raibh mórán fonn ar Mbappé caint, ach fuair Brundle cúpla focal as ar aon nós, in agallamh a raibh beagáinín míchompordach.

Joe Jonas - Cén deartháir a bhfuil i gceist?

Agus é ag teacht suas chuig Joe Jonas ar an ngreille, dúirt Brundle linn nach raibh sé cinnte cén deartháir Jonas a mbeadh sé ag caint le. Gan aon mhoill, áfach, rinne sé agallamh thar a bheith proifisiúnta leis, gan aon teannas ann ar chor ar bith le feiscint. Ghabh sé buíochas le ‘Joe’ ag an deireadh - is dócha go raibh duine ina chluas aige an insint dó cé go díreach a raibh sé ag caint leis.

Virgil van Dijk - Ag iarraidh agallamh a dhéanamh in Ollainnis?

Bhí Virgil van Dijk i mbun agallamh eile in Ollainnis nuair a tháinig Brundle suas chuige, ag iarraidh agallamh uaidh é féin. Ar dtús dúirt sé go raibh sé cosúil le ‘scuaine ag an gcuntar cáise’ ag iarraidh agallamh a fháil, ansin dúirt sé leis an agallóir eile go raibh siad in ann agallamh a dhéanamh ag an am céanna le van Dijk. Bhí fadhb mór le sin, áfach - bhí an t-agallóir eile ag iarraidh caint leis an gcosantóir Liverpool in Ollainnis. Is dócha nach raibh mórán fonn ar Brundle agallamh Ollainnise a dhéanamh, agus thosaigh sé ag caint le van Dijk as Béarla ina aonar.

FÓGRA

Michael Douglas - Ag caint faoina  bhean chéile Catherine Zeta-Jones

FÓGRA

Is léir ón agallamh seo go bhfuil a lán measa le feiscint idir Brundle agus Michael Douglas, agus grá Douglas dá bhean chéile. Ceann do na hagallaimh is croíúla ón Siúl Greille ar fad, thosaigh Douglas ag caint faoi Zeta-Jones láithreach bonn toisc nach raibh sí ann. Is fear mór Formula 1 é Douglas freisin, agus is dócha gur bhain Brundle taitneamh as an gcomhrá.

Fiú nach raibh mórán ag tarlú sa rás tráthnóna Domhnaigh, chuir Siúl Greille Brundle an tsiamsaíocht ar fáil roimh ré, agus é mar réalt an lae arís. Gan amhras, is é mar laoch an tSiúil Greille i Monaco gach uile bhliain.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement