Monaco Grand Prix - Na Ceithre Ábhar Cainte Is Mó

Monaco Grand Prix - Na Ceithre Ábhar Cainte Is Mó
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Beidh F1 ar ais arís an deireadh seachtaine seo chugainn i Monaco, le haghaidh ceann dosna rásaí is aitheanta agus is cáiliúla ar domhan. Is rás deacair é dosna tiománaithe toisc go bhfuil an ráschúrsa an-caol, ní féidir aon botún a dhéanamh in aon chor. Mar sin de, is dócha go mbeidh a lán scéalta difriúla ar siúl thar an deireadh seachtain ar fad, agus seo iad ceithre pointí tábhachtach ag baint leis an Grand Prix roimh ré.

 

Tábhacht an tSeisiúin Cáilithe

Toisc go bhfuil an ráschúrsa thar a bheith caol, bíonn sé deacair breith ar dhaoine sa rás é féin. Mar sin de, bíonn an seisiún cáilithe an lá roimh ré thar a bheith tábhachtach chun toradh maith a bhaint amach don tiománaí ag deireadh an rása. Is é an seisiún cáilithe i Monaco ceann dosna sesiúin is deacra ar an bhféilire, agus mar sin is cuaird iontach a mbaineann an t-ionad cinn amach - cosúil le Max Verstappen an bhliain seo caite. Is cúrsa é Monaco a oireann dosna seisúin cáilithe, agus beidh ar na tiománaí a seacht ndícheall a dhéanamh Dé Sathairn.

 

FÓGRA

Feabhsú McLaren

FÓGRA

Ní rún é in aon chor go bhfuil carr an-tapaigh ag McLaren i ndiaidh an feabhsú a rinneadh i Miami. Tá Lando Norris i mbarr a mhaitheasa faoi láthair tar éis air a chéad rás a bhuaigh i Miami cúpla seachtain ó shin, agus chuir sé taispeántas láidir isteach an deireadh seachtaine seo caite in Imola, ag troid go dtí an deireadh le Verstappen. Beidh Oscar Piastri ag lorg a chéad póidiam i mbliana  tar éis an mí-ádh a bhí air i Miami agus in Imola. Bhí seisiún cáilithe an-láidir aige in Imola, áfach, leis an dara háit bainte amach aige ann, agus beidh sé ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i Monaco - nó b’fhéidir áit amháin níos fearr a bhaint amach.

 

Seansanna Red Bull

Níl carr Red Bull chomh cheannasach is a bhí sí ag tús na bliana - bhuaigh McLaren an rás i Miami i gcoinne Red Bull, agus ní raibh Verstappen ach 0.7 soicind os comhair Norris in Imola. Mar sin féin, tá sé deacair an dá carr Red Bull a chur as an áireamh don deireadh seachtain seo. Bhain Max Verstappen an t-ionad cinn amach i 2023 (chomh maith leis an bua) le cuaird dochreidte, agus mar sin de tá an tuiscint ann gur féidir leis an rud céanna a dhéanamh i mbliana más gá dó. Bhuaigh Sergio Pérez an rás seo i 2022, agus is fearr leis na raonta sráideanna ar an iomlán. Tá foirne eile sa phictiúr anois, ach ní féidir Red Bull a chur as an an áireamh ar chor ar bith.

FÓGRA

 

Rás sa Bhaile do Leclerc

Níl mórán ádh le Charles Leclerc i Monaco go dtí seo ina ghairm F1, in ainneoin don dhá ionad cinn bainte amach aige i 2021 agus 2022. Beidh níos mó feabhsú déanta ar an carr ag Ferrari don deireadh seachtain, áfach, agus bhí deireadh seachtain mhaith ag Leclerc in Imola le tús an fheabhsaithe. Rinneadh laghdú don bearna idir Ferrari agus Red Bull, agus le cliathán cúil nua beidh Leclerc ag iarraidh an bua sin a bhfuil sé ar thóir air a bhaint amach ag a bhaile.

 

FÓGRA

Beidh seisiún iontach ar fáil don lucht féachana ar Dé Sathairn, agus tá seans mór ag a lán daoine an t-ionad cinn a bhaint amach. Feicimid ansin cé a mbeidh ar an póidiam leis an teaghlach ríoga tráthnóna Dé Domhnach, mar buaiteoir an Grand Prix.

 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement