• Baile
  • /
  • Mótarspórt
  • /
  • Deireadh Seachtain Rathúil A Bhí Ann Do Alex Dunne I Barcelona Lena Chéad Póidiam

Deireadh Seachtain Rathúil A Bhí Ann Do Alex Dunne I Barcelona Lena Chéad Póidiam

Deireadh Seachtain Rathúil A Bhí Ann Do Alex Dunne I Barcelona Lena Chéad Póidiam
Roinn an scéal seo

Bhí an tsraith Formula 3 ag rásaíocht i Barcelona ag an deireadh seachtain in éineacht le sraitheanna eile - F1 san áireamh.

Is dócha gurb é Alex Dunne an tiománaí Éireannach a bhfuil an cáil is mó orthu faoi láthair, ag tiomáint mar chuid de MP Motorsport i mbliana i F3, agus shínigh sé mar chuid de Chlár Forbartha Tiománaithe McLaren i mí Bealtaine.

Bhí séasúr saghas ciúin aige do dtí seo, le ceithre babhta tagtha agus imithe sular thángadar chuig an Spáinn.

Bhain sé an 9ú áit amach sa seisiúin cáilithe Dé hAoine - áit a thosódh sé sa rás níos faide Dé Domhnaigh, ach thosaigh sé sa cheathrú áit sa rás níos giorra Dé Sathairn de bharr na greille malairte.

Is é sa rás De Sathairn gur bhain sé an dara háit amach agus a chéad póidiam i F3, chomh maith leis an chéad póidiam Éireannach sa tsraith.

Bhí faoiseamh ar Dunne toradh maith a bhaint amach

Bhuaigh Mari Boya, a bhfuil ón Spáinn é fhéin, an rás maidin Sathairn ach níor chríochnaigh Dunne ach taobh istigh de leath-soicind taobh thiar dó.

Chuaigh an fear ó Uíbh Fháilí ar an raidió díreach i ndiaidh an rása, le faoiseamh soiléir air a bheith ar ais ag an tús agus póidiamaí á fháil aige.

FÓGRA

Iarracht maith.

Ní hé an rás [seo] a bhfuil an ceann is tábhachtaí, ach is maith an rud é a bheith ag an tús arís, an áit ba chóir dúinn a bheith.

Chríochnaigh an fear a bhfuil 18 mbliana d’aois sa seachtú háit sa rás níos faide ar an Domhnach. Tá 21 pointí aige go dtí seo tar éis na deireadh seachtaine, ag suí sa 14ú áit ar clár na n-iomaitheoirí.

FÓGRA

Bhí sé ag labhairt le Formula 3 i ndiaidh na deireadh seachtaine freisin, ag caint faoin séasúr go dtí seo agus faoi na rásaí ar siúl san Ostair i gceann seachtaine.

“Deireadh seachtain maith go leor a bhí ann.

Is rud brónach a rá, ach b’é mo chéad uair ag rás ag an tús i mbliana, agus is rud deas é a fheiceáil conas a mbíonn ort a bheith ag tiomáint ann.

Bhí beagáinín ádh orm ag an deireadh seachtain le cúpla timpiste os mo chomhair sa dá rás, ach sílim, mar foireann, gur iarracht maith a raibh ann.

Le haghaidh an cuid eile don séasúr, ceapaim go bhfuil orainn ár ndícheall a dhéanamh thar gach deireadh seachtain agus an rud is mó ná chun díriú ar a bheith sa 12 áit chun tosaigh sa seisiún cáilithe, pé rud a tharlaíonn.

Má bhímid ábalta deireadh seachtain cosúil le seo a bheith againn ó anois go dtí críoch an tséasúir, ceapaim go mbeimid in áit maith.”

Leanfaidh an tsraith Formula 3 ar aghaidh ag an deireadh seachtain, chomh maith le F1, i Spielberg san Ostair.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement