• Baile
  • /
  • Mótarspórt
  • /
  • Bua Mothúchánach A Bhí Ann Do Lewis Hamilton Ag A Rás Baile Tar Éis Tréimhse Dheacair

Bua Mothúchánach A Bhí Ann Do Lewis Hamilton Ag A Rás Baile Tar Éis Tréimhse Dheacair

Bua Mothúchánach A Bhí Ann Do Lewis Hamilton Ag A Rás Baile Tar Éis Tréimhse Dheacair
Roinn an scéal seo

Bhí F1 ar ais arís le haghaidh an tríú seachtain i ndiaidh a chéile ag an deireadh seachtain, i Silverstone an t-am seo le haghaidh Grand Prix na Breataine.

Bhí triúir tiománaí ann ón Bhreatain - Lando Norris, George Russell agus Lewis Hamilton - agus Alex Albon freisin, a bhfuil ag rásaíocht ar son na Téalainne ach rugadh agus tógadh é i Londain.

Lá iontach a bhí ann do lucht tacaíochta na Breataine Dé Satharn nuair a bhain Russell and t-am is tapúla amach sa seisiúin cáilithe, le Hamilton agus Norris díreach taobh thiar dó - chiall sé sin go raibh na triúir ar fad ar barr ón Bhreatain.

Chomh maith le sin, d’éirigh le Albon dul chomh fada leis an tríú céim don seisiúin cáilithe chun an 9ú háit a bhaint amach, áit a chríochnaigh sé Dé Domhnach chun pointí a scóráil - rud nach bhfuil éasca don fhoireann Williams faoi láthair.

Chuir Hamilton deireadh lena thréimhse gan bua tar éis rás sceitimíneach

Choimeád Hamilton an dara háit at tús an rása, agus chuaigh sé chun tosaigh ar chuaird 19 nuair a chuaigh sé thar a chomhthiománaí Mercedes Russell.

Thosaigh sé ag cur báistí go luath ina dhiadh agus chuaigh na dhá McLaren chun tosaigh nuair a streachail na dhá thiománaí Mercedes leis an greim a aimsiú.

Chas gach rud ar a cheann arís nuair a bhí ar Russell éirí as an rás, rud a chuir díomá ar an lucht tacaíochta. Tháinig Hamilton isteach chun boinn nua a fháil, i rud a bhuaigh an rás dó ar deireadh.

FÓGRA

D’fhan na carranna McLaren amach ar feadh cuaird amháin eile, ach bhí Hamilton ró-tapa dóibh ar na boinn nua agus chuaigh sé chun tosaigh.

Bhuaigh sé a 9ú rás ag Silverstone, curiarracht nua tar éis é a bheith gaige agus ag Michael Schumacher do rásaí buaite ag ráschúrsa amháin. Curiarracht nua freisin don méid buanna is mó ag rás baile d’éinnse, curiarracht a bhí aige cheana féin.

Ba é a 104ú bua ar an iomlán, le Schumacher sa dara háit ar 91.

FÓGRA

FÓGRA

An-cuid mothúcháin do Hamilton ag deireadh an rása

Bhí Hamilton tar éis dhá bhliain go leith a chaitheamh gan bua, lena cheann deireanach roimhe seo san Araib Shádach i 2021.

Tá a lán rudaí tar éis tarlú ó shin, le Abú Daibí 2021, a bhogadh go Ferrari an bhliain seo chugainn agus car deacair le tiomáint le cúpla bliain anuas.

Dúirt Hamilton le Jenson Button i ndiaidh an rása ‘nach raibh sé in ann stop a chuir leis an caoineadh’.

FÓGRA

FÓGRA

I gcás na tiománaí Briotanach eile, tháinig Norris sa tríú háit i ndiaidh straitéis rása a d’íoc é féin agus Piastri as ó thaobh an bhua de. Beidh ceisteanna móra ann do McLaren, a bhí a rás baile á cheiliúradh acu, roimh an dara leath den séasúr - tá carr thar a bheith tapaigh acu, ach tá cuid mhaith botún déanta acu go dtí seo.

Lá iontach a bhí ann do Albon, tar éis pointí a scóráil don dara uair i mbliana, ag rás baile do Williams freisin.

Tá seisear buaiteoir againn tar éis 12 rás, rud a bhfuil an-sceitimíneach do lucht tacaíochta an spóirt, agus don spórt é fhéin. Is dócha go mbeidh an dara leath den séasúr lán le spraoi, agus is rud maith é go bhfuíll foirne eile i gceist gach deireadh seachtain seachas Red Bull amháin.

FÓGRA

Is féidir buaicphointí an rása a fheiceáil anseo:

Beidh F1 ar ais arís i gceann coicíse ar 19-21 Iúil, le haghaidh Grand Prix na hUngáire.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement