An Tráchtaireacht Spóirt is fearr Riamh

An Tráchtaireacht Spóirt is fearr Riamh
Roinn an scéal seo

In onóir de sheoladh ár suíomh nua Liathróidí.ie ba mhaith linn liosta a dhéanamh de na píosaí tráchtaireachta is fearr riamh. Ó Sheán Bán Breathnach go Micheál Ó Muircheartaigh tá an t-uafás bomaite iontacha spóirt síos tríd na blianta go gcaithfidh tú adhmháil go bhfuil sé níos deise trí Ghaeilge.

Buann Kaite Taylor an Bonn Óir

Is píosa iontach tochtmhar í an gearrthóg seo le Sean Bán Breathnach nuair a bhuaigh Katie Taylor an bonn óir sna cluichí Oilimpeacha i Londain siar i 2012. Nuair a bhuail an clog chun críoch a chuir leis an babhta tosnaíonn na deora ag sileadh leis. Is é ag déanamh cuir síos iontach ar na himeachtaí a thagann ina dhiadh.

"Ah Stop! In ainm Dé"

Sa bpíosa seo feiceann muid scór dochreidte uaidh Éanna Burke ach tá an tráchtaireach chuile phíosa chomh maith leis agus níos fearr. Cruthaíonn MacDara MacDonnacha an teannas leis an am imithe isteach sa dearg, is na foirne ar chomh scóir. Nuair a chuireann Éanna Burke an liathróid thar an trasnán téann Mac Donnacha tríd an t-áthas agus iontas ceana céanna leis an lucht féachana.

FÓGRA

Cuige Mumhan Seaimpíní an URC

Ní féidir liosta den sórt seo a chuir le chéile is dearmad a dhéanamh ar Gharry Mac Donnacha, glór Rugbaí Beo agus a thuilleadh. Céard faoin bpaisean ag deireadh Cluiche Ceannais an URC anuraidh nuair a bhfuair an Mumhan an bua ar na Stormers tar éis cosaint iontach uaidh Tadhg Beirne.

"Seachain do Lámh James"

Ó 1:35 nóimead ar aghaidh sa ghearrthóg seo feiceann muid cluiche iomáint idir Baile Áth Cliath agus Gaillimh cúpla bliana ó shin. Nuair a tagann madra chun páirce bí cinnte go raibh cúpla focail ildaite le rá ag MacDara MacDonnacha nuair a rug James Skehill ar an gcoileán "ó seachain do lámh James" go "níl a fhios agam go mbeidh leaids Baile Áth Cliath comh maith le sin".

FÓGRA

Urchar Gary Brennan

Ba phíosa iontach eile í seo uaidh 1:12:48 ar agahaidh, ar scór den scoth uaidh Gary Brennan in aghaidh Thurles Sarsfields  i gcluiche leath ceannais na Mumhan i 2016. Deanann Brian Tyers cuir síos iontach ar an urchar a scaoil Brennan chun an cluiche a bhrú chun am briseadh sular bhain Baile Aodha amach áit i gcluiche ceannais na Mumhan don chéad uair riamh.

Cúl aislingeach dó Conate na Mí

Ná dearmad an cúl seo le Emma Duggan in aghaidh Baile Áth Cliath i cluiche ceannais na hÉireann i 2021, nuair a bhain contae na Mí amach bua stairúil don chéad uair riamh. Is tá splanc iontach idir Brian Tyers agus Michelle Ryan sa ghearrthóg seo leis an bhfuinneamh a bheifeá ag súil leis i gcluiche ceannais, is é ag tacú le fuadar an gcluiche.

FÓGRA

FÓGRA

 

Tá sé soiléir go bhfuil an t-uafás tráchtaireacht iontach amuigh an sin ó chraoltóireacht tochtmhar go iontas agus áthas agus iad uilig níos suntasaí trí mhéan na Gaeilge.

 

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement