• Baile
  • /
  • Gan Chatagóir
  • /
  • "Thóg mo Sheanmháthair cuid de na chéad chláir surfála ar ais go Dún na nGall sna 60idí ó Chalifornia"

"Thóg mo Sheanmháthair cuid de na chéad chláir surfála ar ais go Dún na nGall sna 60idí ó Chalifornia"

"Thóg mo Sheanmháthair cuid de na chéad chláir surfála ar ais go Dún na nGall sna 60idí ó Chalifornia"
Conor O'Donnell
Le Conor O'Donnell D’athraigh
Roinn an scéal seo

Is í surfálaí agus eolaí Dún na nGall, Easkey Britton an dara aoi ag Diarmuid Lyng ar a phodchraoladh 'Plé'.

Faoin am a rugadh Easkey, bhí tonnmharcaíocht mar chuid lárnach i saol a teaghlach. Mhúin a tuismitheoirí di cén chaoi a surfáil nuair a bhí sí ceithre bliana d'aois agus tá a saol sáite sa tonnmharcaíocht agus san fharraige ó shin.

Cuireann Diarmuid ceist ar Easkey faoina páistí féin ag tonnmharcaíocht agus an mbraitheann sí go bhfuil tarraingt acu chuig na farraige;

"Ceapaim", a dúirt Easkey, "ach ní féidir é a bhrú caithfidh sé a bheith mar chuireadh...agus ansin chaith mé an méid go leor ama sin san uisce roimh a rugadh iad..is dócha gurbh ionsúigh siad isteach é.

Dá mbeadh siad in ann snámh i bpoll uisce shnámhfadh siad ann.

Is bronntanas é agus mhúin mo thuismitheoirí mé agus mo dheirfiúr muid nuiar a bhí muid an-óg.  Sheas mé ar chlár surfála nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois.

"Bhí mo thuismitheoirí ina gceannródaithe surfála in Éirinn sna 60idí agus 70idí"

FÓGRA

De réir an finnscéal cáiliúil, tháinig Mary Britton, seanmháthair Easkey, úinéir óstáin, ar ais go hÉirinn ó thuras go California le dhá chlár surfála Malibu go dtí a trá áitiúil, Ros Neamhlach i nDún na nGall.  Bhí sé ar intinn aici na cláir a ofráil do na cuairteoirí ag fanacht san óstán, ach séard a tharla ná gur rinneadh ceannródaithe surfála na hÉireann as a cúig mac, athair Easkey, Barry san áireamh.

Ag labhairt le Diarmuid insíonn sí faoina athair agus uncail a bheith ina ceannródaithe surfala agus faoi a seanmhathair ag teacht ar ais go Ros Neamhlach ó Chalifornia le cláir surfala.

Bhí mo thuismitheoirí ina gceannródaithe sa surfáil in Éirinn sna 60idí agus sna 70idí..

Agus ansin téann sé ar ais níos faide, thóg mo sheanmhathair cuid de na cláir surfála ar ais go Dún na nGall.

Thug sí na cláir surfála do na turasóirí ag an óstán ach nuair a chonaic m'athair agus a dheartháireacha na "rudaí craiceáilte" seo, chuir sin tús le scéal iomlán eile maidir le tonnmharcaíocht in Éirinn.

Ba chomhrá iontach suimiúil a bhí ann idir Diarmuid Lyng agus surfálaí agus eolaí Easkey Britton.  Beidh an clár iomlán seo den phodchraoladh 'Plé' ar fáil go luath againn.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement