Comhrá le Easkey Britton

Comhrá le Easkey Britton
Diarmuid Lyng
Le Diarmuid Lyng D’athraigh
Roinn an scéal seo

Is rud ar leith é, cómhrá agus comhluadar Easkey Britton. Ainmnithe ina dhiaidh tonn Sligeach, Easkey Right, agus iasc in a ainm aici chomh maith, tá an fharraige, an mhuir, in a fuil aici. Is bean fíor cumasach í, máthair do chúpla, mairceoir toinne le cháil, scríbhneoir, dochtúir, gníomhaí.

Chuaigh sí go dtí Iran chun mná ann a mhúineadh conas tonnta a mharcaíocht. Is rud amháin é freastal ar mná in áiteanna atá brú orthu, ach is rud difriúil é cluas bodhar a thabhairt ar an meán cumarsáide agus buairteanna daoine thar timpeall ort chun íomhá a leanúint. Gníomhaíocht ceart is ea é, dar liomsa.

Ach ar ais chuig an Mhuir, nó an fharraige. Ag féachaint siar ar an gcómhrá, cífim doimhneacht na farraige ina tuairimí aici, ach suaimhneas, spás agus ciúnas na mara chomh maith. Scata uair ag an deireadh, bhí sé soiléir go raibh ár gcuidse bainte amach. Ach ar nós a bheith ag snámh i gceann Trá, bhí fonn orm fanacht inti, fanacht sa chomhrá agus sa chomhluadar.

Agus d’fhan Easkey ann chomh maith. Faic le rá againn, é ar fad ráite, ach sásta sa chiúnas. Bhraitheas go raibh an beirt againn ag bogadach ar an uisce, socair sa spás, rud annamhach sa lá atá inniu, nach mór mí-oiriúnach agus muid i mbun podchraoladh a thaifead, ach uaireanta tá i bhfad níos mó ráite sa chiúnas sin.

Is grá do shaghas éigin é, chun a bheith suaimhneach mar sin, faic le rá mar ní leor iad focail uaireanta, truaillíonn siad an nóiméad, nóiméad gur féidir linn a bheith i gcomhcheoil lena chéile in ionad gluaiseacht an meoin a leanúint go dtí áit éigin eile.

Le tuiscint na farraige, gluaiseachtaí na tonnta, staidéar ar eoalíocht na mara, scríbhneoireacht faoi anam na farraige, as an doimhneas sin a thagann an faoiseamh atá ina fuil aici, an grá le bhraithint in a comhluadar.

FÓGRA

Ba thaithí álainn é am a chaitheamh léi, fiú ar ‘Zoom,’ agus tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as an gcomhrá.

Grá libh uilig.

Diarmuid.

FÓGRA

 

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement