• Baile
  • /
  • Gailf
  • /
  • Léimeann Shane Lowry Suas na Rangaithe Ghailf Domhanda i ndiaidh an Chraobh PGA inar Mheaitseáil sé Curiarracht Mór

Léimeann Shane Lowry Suas na Rangaithe Ghailf Domhanda i ndiaidh an Chraobh PGA inar Mheaitseáil sé Curiarracht Mór

Léimeann Shane Lowry Suas na Rangaithe Ghailf Domhanda i ndiaidh an Chraobh PGA inar Mheaitseáil sé Curiarracht Mór
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Cé nach ndeachaigh an Chraobh PGA i dtreo Shane Lowry, ba mhór an obair a rinneadh fós thar an deireadh seachtaine don fhear as Uíbh Fhailí a mbeidh cuimhne go deo ar an méid a rinne sé ag an ócáid a bhfuil ardmheas uirthi.

Buaiteoir le déanaí is ea é in éineacht le Rory McIlroy ag an ‘Zurich Classic’ , tá cúrsaí tar éis a bheith saghas athraitheach do buaiteoir an ‘2019 Open’ ach bhí sé ar ais ina sheanléim i Kentucky.

Chuir an anúdarásach Xander Schauffele a chéad mórchomórtas lena bhailiúchán mórthaibhseach teideal, agus chríochnaigh Lowry ar chomhscór don séú háit.

Mar sin féin, ba é Lowry an galfaire is fearr Dé Sathairn, nuair a mheaitseáil sé an churiarracht don bhabhta is ísle i mórchomórtas riamh le scór iontach 62 aige.

Bhí a amasán i mbarr a mhaitheasa agus chuir sé naoi n-éinín tríd i mbabhta gan aon bógaí chun aithris a dhéanamh ar Schauffele, Rickie Fowler agus Branden Grace amháin chun a bheith páirteach den ghrúpa den scoth sin.

Is cinnte go dtógfaidh sé a lán muinín ó a thaispeántas agus é ar ais ar a sheanléim, taispeántas tráthúil é freisin leis an ‘US Open’ agus ‘The Open’ le teacht fós an samhradh seo.

Tá na comharthaí go bhfuil sé ar ais ar a sheanléim le feiceáil sna Rangaithe Ghailf Domhanda Oifigiúla freisin, áit a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta aige.

FÓGRA

Léimeann Shane Lowry ar ais suas na  Rangaithe Ghailf Domhanda Oifigiúla

Bhí Lowry sna ceannlínte ar na cúiseanna míchearta i mí Feabhra nuair a bhí deacrachtaí aige lena thaispeántais sa gheimhreadh agus thit sé amach ón 50 galfaire is fearr ar domhan don chéad uair le cúig bliana anuas.

Gan bua a bheith aige ón Chraobh PGA BMW i 2022, bhí Lowry tar éis scaradh lena ghiolla Brian ‘Beau’ Martin agus bhí roinnt torthaí measctha aige tar éis an Choirn Ryder sa Róimh.

Chuir sé deireadh le gorta an bhua in éineacht le McIlroy, áfach, díreach seachtainí ó shin agus bhí sé tar éis a bheith ardaithe go dtí an 43ú háit ar domhan ag teacht suas go dtí an dara mórchomórtas don séasúr.

FÓGRA

FÓGRA

Is iad na mórchomórtais na himeachtaí is fearr chun feabhas a chuir ar d’áit agus tá sé sin déanta ag Lowry, ag léim 10 n-áit eile suas go dtí an 33ú háit sna rangaithe.

Ba é a thaispeántas níos airde ná an 10ú háit is déanaí a bhí i gceist, agus é sin an t-ochtú uair a bhain sé an t-éacht sin amach ina ghairm agus an chéad ceann bainte amach aige ó na ‘Masters’ i 2022.

Beidh Lowry ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena ardú rangaithe nuair a ghlacfaidh sé páirt sa ‘Canada Open’ i Hamilton, Ontario an tseachtain seo chugainn.

FÓGRA

Chríochnaigh sé sa dara háit i gcoinne McIlroy nuair a imríodh an ócáid ag an ionad i 2019 - rud a mbeidh sé ábalta a bheith muiníneach faoi.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement