Tugtar an deis is déanaí do Rory McIrloy deireadh a chur lena thriomach Majors agus é ag tabhairt aghaidh ar an gCraobh iomráiteach PGA ag Club Gailf Valhalla i Kentucky an tseachtain seo.
Níl Major buaite ag fear Chontae an Dúin ó d’éirigh leis an Craobh PGA a bhuachan ar an gcúrsa céanna deich mbliana ó shin – sa cheathrú Major a bhí bainte amach aige agus é díreach 25 bliain d’aois.
Is beag duine a d’fhéadfadh a thuar go mbeadh McIlroy gan rath sna ceithre chomórtas is mó sa ghalf ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin agus a fhoirm chomh láidir ag an am.
Is buaiteoir síoraí é fós ar an PGA Tour - bhuaigh sé Craobh Wells Fargo an deireadh seachtaine seo caite díreach coicís tar éis dó bua sa Zurich Classic a bhaint amach i gcomhar le Shane Lowry.
Mar sin féin, is iad na Majors atá tar éis é a shárú agus i ndiaidh teipeadh ar éigean ar feadh deich mbliana, is cinnte go ndéanfaidh sé tréaniarracht an cúigiú craobh a bhaint amach an tseachtain seo.
D'admhaigh McIlroy, fear nach mbíonn iontach muiníneach de ghnáth agus é ag tabhairt aghaidh ar deireadh seachtaine na Majors, go mothaíonn sé go bhfuil na 'réaltaí ag ailíniú' tar éis a bhua ag Wells Fargo an deireadh seachtaine seo caite. Is cinnte go neartaíonn a fhoirm le déanaí agus an bua a bhí aige ag Valhalla roimhe seo a chás.
É sin ráite, tugann tuairiscí ó TMZ, a deir go bhfuil sé tar éis iarratas a dhéanamh ar cholscaradh óna bhean chéile Erica Stroll, tar éis seacht mbliana pósta, le fios nach raibh ullmhúchán gan stró ag McIlroy.
Mhaígh an comhlacht Meiriceánach gur chuir McIlroy, 35, a chuid páipéir chúirte isteach Dé Luain - lá tar éis a 26ú bua ar an PGA Tour.
Mar sin féin, creideann laoch gailf na hÉireann Paul McGinley gur gá do McIlroy aghaidh a thabhairt ar dhá dhúshlán áirithe gailf an deireadh seachtaine seo nach raibh air sárú 10 mbliana ó shin.
Maíonn Paul McGinley go bhfuil dhá chúis le triomach Majors Rory McIlroy
Dúirt McGinley, agus é ag labhairt ar Live From The PGA Championship le The Golf Channel, go gcaithfidh McIlroy dhá bhac a shárú, a bhfuil tar éis é a choinneál ó chúigiú Major a bhuachan, beag beann ar a fhoirm bhreá.
Tá dhá dheacracht ann maidir le cén fáth nach é an t-imreoir a raibh sé cheanna nuair is na craobhchomórtais mhóra atá i gceist," a dúirt McGinley.
"Tá an lucht imeartha níos láidre anois. Bhíodh sé ina fhear óg ag cruthú a bhealach féin agus ba dheacair stop a chur leis. 'Táimse ag obair chun a bheith mar an t-imreor is fearr sa chluiche seo agus, mar sin, ná téigh sa bhealach orm’, a bhí ann, i ndáiríre. Bhí an fhís shoiléir seo aige.
"Agus barr an tsléibhe bainte amach agat, an féidir leat fanacht ann? Tá sé sin déanta aige in imeachtaí an PGA Tour, áit a bhfuil a chóimheas buaite de 10% ar fheabhas i gcomparáid le héinne eile. Níl ach cóimheas buaite de 8% ag Scottie Scheffler.
“Ach níl aon dabht ach go bhfuil carnadh síceolaíoch ag baint le gan bua a fháil sna Majors ó shin, rud nach bhfuil réitithe aige fós.
“Deirim 'fós' mar, sílim féin, más rud é go bhfaigheann sé uair amháin é - b’fhéidir nach n-osclófar na geataí go hiomlán - ach is cinnte go bhfuil trí nó ceithre Majors eile i Rory McIlroy.
"Is é an príomhrud ná an chéad cheann a fháil. Cheapfá gurb é galfchúrsa mar seo, ar a bhfuil sé tar éis buachan cheanna, an cineál ruda a d'fhéadfadh é a mhúscailt."
Beidh gach súil ar McIlroy an deireadh seachtaine seo ach is cinnte go dtabharfaidh sé aghaidh ar iomaíocht ghéar ó churadh na Masters Scottie Scheffler, a fhilleann ar an aicsean tar éis breith a chéad linbh.
Beidh neart imreoirí LIV Golf i measc an luchta imeartha freisin, agus an curadh cosanta Brooks Koepka ag iarraidh an craobh a bhuachan don cheathrú huair.