Ansin ní raibh ach ceathrar fágtha.
Beidh cluichí leathcheannais sinsear na hÉireann ar siúl an deireadh seachtaine 13/14 Iúil, agus beidh Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Ard Mhacha ar an Satharn sula n-imreoidh Gaillimh i gcoinne Dhún na nGall ar an Domhnach.
Ba é an scéal is mó a bhí sna babhtaí ceathrú ceannais ná deireadh curtha ag Gaillimh le séasúr Baile Átha Cliath, rud a fhágann, i ngach slí, an chraobh oscailte go forleathan.
Seans gur bhuaigh Gaillimh in aghaidh rogha na coitiantachta ach tá siad sa dara háit fós, dar leis na geallghlacadóirí ar a laghad.
Seo thíos liosta dosna gceithre fhoireann atá fós fágtha, bunaithe ar fachtóirí a mbainisteoir, a gcúlra, a láidreacht ar an mbinse, a móiminteam agus taispeántas a bpríomhimreoirí.
4 Ard Mhacha
Bainisteoir: 7/10 - Dúradh go raibh mí-ádh ar Kieran McGeeney san am a chuaigh thart, go háirithe tar éis cúpla cluiche a cailliúint de bharr ciceanna pionós i ndiaidh a chéile. Beidh fonn air an scéal sin a athrú.
Cúlra: 6/10 - Seo a gcéad chluiche leathcheannais ó 2005 agus mar sin beidh Ard Mhacha thíos leis sa chatagóir seo. Chaill siad an cluiche leathcheannais sin i 2005 in aghaidh Thír Eoghain ach bhuadar in aghaidh Dhún na nGall i 2003 agus Áth Cliath i 2002, ar a slí chuig an bhua amháin Uile-Éireann a bhfuil acu.
Láidreacht binse: 10/10 - Bíonn tionchar mór ag a hionadaithe go rialta, le Stefan Campbell, Aidan Nugent agus leithéidí Ross McQuillan agus Oisin O’Neill ag cinntiú go gcríochnaíonn siad go láidir i gcluichí. Is mór an teacht aniar iontu, agus tá a thuilleadh taithí ag Connaire Mackin agus Jason Duffy freisin.
Móiminteam: 9/10 - Tá siad tar éis atheagar a chuir orthu féin tar éis a gcailliúint i gcluiche ceannais Uladh trí ciceanna pionós agus tar éis bua a fháil ar an Iarmhí, Doire, Ros Comáin agus an cluiche ceannais le Gaillimh a bhraith mar bhua, tá móiminteam iontach acú.
Taispeántas na bpríomhimreoirí: 8/10 - Bhí lá neamhghnách ciúin ag Rian O’Neill in aghaidh Ros Comáin ach bhí sé i mbarr a mhaitheasa go dtí sin. Tá an séasúr is fearr aige riamh á imirt ag Conor Turbitt agus beidh seans mór aige bonn ‘All-Star’ a bhaint amach.
Scór iomlán: 40/50.
3 Dún na nGall
Bainisteoir: 9/10 - Feictear ar Jim McGuinness mar meisias i nDún na nGall agus chuir sé go mór leis an gcáil sin i mbliana. Tugann sliocht ó Pheadar Mogan achoimre mhaith ar a thionchar.
"Is é an muinín a chothaíonn sé. Tá slí iontach cur chuige aige."
Cúlra: 8/10 - Tá a dhá chluiche leathcheannais dheireanacha buaite ag Dún na nGall, i 2014 in aghaidh Baile Átha Cliath agus i 2012 in aghaidh Chorcaí. Bhí Paddy McBearty agus Ryan McHugh ag imirt i mbua 2014, le tionchar mór ag McHugh ar an gcluiche, ag scóráil 2-2.
Láidreacht binse: 7/10 - D’fhéadfaí a rá go bhfuil Aaron agus Odhran Doherty ar na hionadaithe leis an tionchar is mó acu cé go léiríonn cuireadh isteach Ciaran Thompson agus Daire O Baoill i gcluiche ceannais Uladh go mb’fhéidir nach bhfuil an binse is láidire acu.
Móiminteam: 8/10 - Is é a gcailliúint in aghaidh Chorcaí, nár chiall aon rud ar deireadh, an t-aon botúin amháin a bhfuil acu go dtí seo.
Taispeántas na bpríomhimreoirí: 9/10 - Is é Oisin Gallen a bpríomhscórálaí agus bhí sé i mbarr a mhaitheasa in aghaidh Lú mar a bhí cosantóir tábhachtach dóibh, Peadar Mogan, a bhfuil seansé mór aige anois Peileadóir na Bliana a bhaint amach.
Scór iomlán: 41/50
2 Ciarraí
Bainisteoir: 10/10 - Bhí Jack O'Connor ann cheana, é sin déanta aige. Tá seacht gcluiche leathcheannais na hÉireann buaite aige, agus níor chaill sé ceann fós.
Cúlra: 10/10 - Níl aon dabht faoi tallainne Chiarraí agus anois go bhfuil sean-naimhde Bhaile Átha Cliath imithe, is cinnte go mbeidh seans acu dul an slí ar fad.
Láidreacht binse: 8/10 - Bhí tionchar a bhí ag Killian Spillane agus Cillian Burke as an mbinse iontach dearfach do Chiarraí ag an deireadh seachtaine.
Móiminteam: 7/10 - Dúirt Tomás Ó Sé go mbeadh Jack O’Connor ‘ar bís’ le bua Dé Domhnaigh ar Dhoire agus cé go mb’fhéidir gur slí maith é le dul isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann, gan mórán daoine ag caint ar a dtaispeántas deireanach, ní raibh sé chomh hiontach sin.
Bhí Ciarraí ag streachailt le cosaint struchtúrtha Dhoire a bhriseadh síos le fada agus níor éirigh lena bpríomhimreoirí aon cur isteach a bheith acu ar an gcluiche.
Taispeántas na bpríomhimreoirí: 7/10 - Níl David Clifford ná Sean O’Shea i mbarr a maitheasa faoi láthair, rud a mbeidh buairt orthu mar fhoireann.
É sin ráite, thógfadh sé duine cróga agus b’fhéidir amaideach fiú geall a dhéanamh in aghaidh na mbuachaillí sin roimh na seachtainí atá romhainn. Ach le haghaidh an liosta seo, ní féidir linn ach tomhas a dhéanamh ón méid atá feicthe againn go dtí seo.
Scór iomlán: 42/50
1 Gaillimh
Bainisteoir: 8/10 - Tá taifead maith ag Padraic Joyce mar bhainisteoir na Gaillimhe, leis na dtrí theideal Chonnacht deireanach buaite aige.
Tá an t-aon chluiche leathcheannais na hÉireann buaite acu le linn a thréimhse, in aghaidh Dhoire i '22. Tá taifead láidir aige freisin i gcoinne foirne Uladh, rud a sheasfaidh leo in aghaidh Dhún na nGall.
Cúlra: 8/10 - Is buntáiste mór é taithí an cluiche leathcheannais i 2022 in aghaidh Doire do Ghaillimh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Dhún na nGall. Bhuail Baile Átha Cliath go maith iad i gcluiche leathcheannais 2018 ach ba fhoireann an-difriúil iad sin, le Shane Walsh, Sean Kelly, Comer, Kieran Molloy agus Johnny Heaney na himreoirí a bhfuil fágtha.
Seasfaidh cluichí móra mar na trí chluiche ceannais Chonnachta sin dóibh freisin.
Láidreacht binse: 8/10 - Tá éagsúlacht ag baint lena mbinse i rith na bliana mar gheall ar gortú imreoirí. Ach is roghanna láidire iad Cein Darcy, Daniel O’Flaherty agus Tomo Culhane ón mbinse agus tugann Johnny Heaney taithí leis.
Móiminteam: 10/10 - Tá muinín agus móiminteam ollmhór tugtha do mhuintir na Gaillimhe tríd an chluiche Átha Cliath a bhua. Ba é an bua is mó a bhí acu faoi Joyce agus tá a dtaispeántas sa dara leath suas ansin le taispeántais stairiúla den am atá thart ar nós cluichí ceannais 1998 agus 2001, nuair a bhí Joyce féin ag imirt.
Taispeántas na bpríomhimreoirí: 9/10 - Is mór an spreagadh é filleadh Cillian McDaid ón ngortú. Seans nach raibh Damien Comer 100% réidh in aghaidh Bhaile Átha Cliath ach d’éirigh leis an gcluiche iomlán a imirt ar aon nós, rud a bhí ina buntáiste mór. Le fadhbanna rúitín agus gortaithe teannán na hioscaide, is cúis mhór imní í folláine Shane Walsh, ach níl buairt ann faoina thaispeántais. Bhí sracfhéachaint tugtha dúinn Dé Sathairn faoina tallainne.
Scór iomlán: 43/50
Sin agat é, tá Gaillimh chun Craobh Peile na hÉireann a bhuachan.