Bhí tionchar mór ag JP McManus ar GAA Luimnigh le tamall anuas. Tá sé ina urraitheoir ar an gcontae ó lár na 2010idí.
Le cúpla bliain anuas tá rath ar an bhfoireann. Tá cúig cinn de na sé chluiche ceannais na hÉireann deiridh buaite ag Luimneach.
Má bhuann siad ceann eile an bhliain seo chugainn, beidh siad ar an gcéad fhoireann riamh a bhuaigh cúig cinn as a chéile.
Is úinéir capall rása é JP McManus freisin agus tabharfaidh sé €1 milliún do gach contae in Éirinn.
Roinnfidh gach bord contae an t-airgead
Thuairiscigh Extra.ie go dtabharfaidh JP McManus €1 milliún do gach contae in Éirinn agus tiocfaidh sé as an JP McManus Charitable Foundation.
Roinnfear an €32 milliún idir peile, camógaíocht agus iománaíocht. Níl sé an chéad uair a dhearna JP McManus rud cosúil le seo. Sa bhliain 2018, thug sé tabhartas de €3.2 milliún don GAA ach bhí conspóid ann, tar éis do Mhaigh Eo a rá nach bhfuair siad aon airgead.
Chuir mcmanus litir leis an airgead ag rá gur cheart an t-airgead a roinnt go cothrom.
Tá McManus ag iarraidh ar gach contae an t-airgead a roinnt go cothrom an uair seo.
Dúirt GAA Luimnigh go mbeadh an t-airgead ar fad roinnte go cothrom agus á chur chuig na contaetha roimh am na Nollag.
Dúirt siad:
Táimid thar a bheith sásta leis an nuacht inniu ó JP agus ó Noreen McManus agus a muintir as a ndeontas flaithiúil. Tá clubanna i gcroílár a gcontaetha agus cabhróidh sé seo de réir mar a leanann costais ag ardú. Táimid buíoch de JP, Noreen agus teaghlach McManus go léir.
Beidh an méid mór airgid seo ina chabhair mhór do gach foireann agus contae.