• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • "Shábhail sé mé", Labhraíonn Eamon McGee faoin Tionchair a bhí ag Jim McGuinness ar a Shaol

"Shábhail sé mé", Labhraíonn Eamon McGee faoin Tionchair a bhí ag Jim McGuinness ar a Shaol

"Shábhail sé mé", Labhraíonn Eamon McGee faoin Tionchair a bhí ag Jim McGuinness ar a Shaol
Ciaran O Flaithearta
Le Ciaran O Flaithearta D’athraigh
Roinn an scéal seo

Tháinig Jim McGuinness ar ais isteach i in eagraíocht Dún na nGall níos túisce an bhliain seo agus bhí sé soiléir ón tús go mbeidh tionchair ollmhór aige ar an bhfoireann is iad ag baint amach an séasúr ba rathúil don chontae le fad an lá, dul comh fada le cluiche leath ceannais na hÉireann agus is iad ag ardú dhá craobh; Craobh roinn a Dó agus Craobh Uladh don chéad uair ó 2019.

Ba é an céad uair a bhuaigh McGuinness Craobh Uladh tar éis dó an contae a fhágáil i 2014. Ach anois is é ar ais tá sé soiléir an tionchair atá aige ar athbheochan peil Dún na nGall, is iad ag cailleadh amach ar spota i cluiche ceannais na hÉireann tar éis cailleadh caol in aghaidh Gaillimh ar an 14ú de mhí Iúil.

Le séasúir mar sin beidh chuile dúinne ag faire amach do Dhún na nGall an séasúr seo chugainn, is níos mó am ag McGuinness chun a córas bainistíocht a chuir i bhfeidhm. Go díreach mar a chuaigh sé i bhfeidhm ar na n-imreoirí thiar i 2012.

Tionchair Jim McGuinness ar shaol Eamon McGee

Ag labhairt le Diarmuid Lyng ar an podchraoladh Plé, labhair iar imreoir Dún na nGall Eamon McGee, faoin bealach a chuaigh Jim McGuinness i bhfeidhm ar féin agus na n-imreoirí mór thimpeall air.

Bhuaigh Eamon McGee Craobh na hÉireann le Dún na nGall i 2012 faoi Jim McGuinness, agus d’inis sé do Dhiarmuid faoi chaoi a chabhraigh McGuinness lena shaol taobh amuigh den pheil.

Fáigh dearmaid do peil agus fáigh dearmaid do na bonn a bhuaigh muid le Jim, an rud a rinne Jim liomsa, sábhail sé mé.

Bhí mise ag an pointe do mo shaol, bhí mé i droch áit agus ní raibh sé go maith an dóigh a raibh mé le ólachán agus an dóigh a raibh mé liom féin.

I ndiadh an cheithre bhliain le Jim, an Eamon a thosaigh le Jim agus a thosaigh le Dún na nGall, agus an Eamon a chríochnaigh le Dún na nGall, I would say go raibh dhá difriúil duine an sin.

Tá sé soiléir an ceannach isteach a bhíonn ag Jim McGuinness i shaol na n-imreoirí atá faoi a chumas. Tuigeann sé, chun an léiriú is fearr a fháil uathu caithfidh tú a thaispeáint go dtuigeann tú iad is go bhfuil an bainisteoir ann dóibh cuma cén fadhb a bhíonn acu agus tá sé sin soléir go noibríonn sé sin leis an rath a bhíonn aige le foirne.

LÉIGH ANSEO:“Tógfar Páirc Mhic Easmainn”

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement