• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • "Ní thuigim cuid de na contaetha atá go bunúsach buailte roimh a théann siad amach ar an bpáirc fiú"

"Ní thuigim cuid de na contaetha atá go bunúsach buailte roimh a théann siad amach ar an bpáirc fiú"

"Ní thuigim cuid de na contaetha atá go bunúsach buailte roimh a théann siad amach ar an bpáirc fiú"
Roinn an scéal seo

Tá Liathróidí.ie ag seoladh podchraolta úrnua le hiar-iománaí Diarmuid Lyng ag láithreoireacht agus ag cur aíonna faoi agallamh.  Sa chéad eagrán chuir Diarmuid, Paul Rouse faoi agallamh.  Is ollamh é Paul Rouse i UCD, ag díriú ar stair spóirt go háirithe.  Is roghnóir é Paul leis an bhfoireann Sigerson DCU.  Chomh maith leis sin bhí Paul mar bhainisteoir ar feadh tamall beag thart ar deich mbliana ó shin.

Chlúdaigh an podchraoladh raon leathan ábhair maidir le spórt agus stair.  Cuid an-suimiúil den bpodchraoladh a bhí phlé acu ná an bhearna idir na contaetha móra agus na contaetha beaga sa CLG.  Ag labhairt le Diarmuid luaigh Paul go raibh sé go maith foirne beaga a fheiceáil ag déanamh go maith arís le himreoirí óga gur rud dóchasach é le dul ó neart go neart.

“Freisin, sa pheil, caithfí é seo a rá - bhuaigh Uíbh Fhailí craobh faoi 20 na hÉireann, in 2021. Tar éis é sin, bhí siad i gcluiche ceannais an bhliain dar gcionn, bhí siad i gcluiche ceannais míonúir, agus tar éis é sin… Is mór an éacht é sin do chontae beag - nílim ag rá go mbeimid ar ais agus Craobh na hÉireann a bhuchaint, ach sin í an uaillmhian atá againn, a bheith ar ais ansin, a bheith ar ais ag troid sa chluiche ceannais sinsear. Caithfidh go mbeadh an uaillmhian againn é sin a dhéánamh - agus, muna bhfuil, cén fáth go bhfuil aon rud á dhéanamh againn? Níl aon eagla orainne roimh aon chontae”.

Níor thuig Paul an meon buailte diúltach a bhí ag roinnt foirne.  Bhí sé á rá nach raibh sé neamhréalaíoch faoi Uíbh Fháilí ag fáil an bua thar Cill Chainnigh agus Luimneach san iománaíocht nó Baile Átha Cliath agus Ciarraí sa pheil ach gur féidir leo labhairt faoi iarracht a dhéanamh chun an lámh in uachtar a fháil orthu agus cén fath go mbeadh faitíos orthu.

“Cén fáth go mbeadh faitíos ort roimhe?  Ní thuigim cuid de na contaetha atá go bunúsach buailte roimh a théann siad amach ar an bpáirc fiú”.

As sin labhair Paul faoin áit a thagann muinín as.  Creideann sé do dtagann ‘fíor-mhuinín’ as obair agus go dteastaíonn le Uíbh Fháilí níos mó oibre a chur isteach.

“Cárbh as a thagann muinín? Is as obair a thagann muinín de ghnáth - fíor-mhuinín, nílim ag caint faoi dhaoine atá arrogant, nó sotallach, nó aon rud mar sin. Fíor-mhuinín atá mise ag caint faoi, agus is as obair a thagann fíor-mhuinín. Agus ag an bpointe in Uíbh Fhailí, níl a dhóthain oibre á déanamh againn. Tá obair á déanamh, ach níl sé maith go leor, níl a dhóthain oibre i gceist, caithfí níos mó a dhéanamh. Ag gach aon leibhéal, ionas go mbeimid in ann dul ag troid i gcoinne na contaetha is mó, na contaetha atá i gceannas, atá uachtarach sa pheil Gaelach, atá uachtarach san iománaíocht. Caithfimid níos mó a dhéanamh. Ach tá sé sin ar eolas againn agus táimid tar éis an t-airgead a fháil - caithfí é sin a dhéanamh arís is arís eile. Caithfí an struchtúr a chur i gceart ionas go mbeidh clubanna… Agus b’fhéidir go dteipfí orainn, b’fhéidir nach mbeidh craobh buaite againn arís is arís eile - ach caithfimid iarracht a dhéanamh…”

B’shin cuid de na rudaí a bhí phlé ag Diarmuid Lyng agus a chéad aoi Paul Rouse.  Is léir go bhfuil cur amach iontach ag Paul Rouse ar stair spóirt agus conas go bhfuil foirne CLG beaga in ann feabhsú le bheith muiníneach as an obair a chur isteach.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement