• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • Cuireadh Amhrán Eile ‘Jimmy’s Winning Matches’ Amach Tar Éis Ath-Cheapachán McGuinness

Cuireadh Amhrán Eile ‘Jimmy’s Winning Matches’ Amach Tar Éis Ath-Cheapachán McGuinness

Cuireadh Amhrán Eile ‘Jimmy’s Winning Matches’ Amach Tar Éis Ath-Cheapachán McGuinness
Roinn an scéal seo

I 2012 threoraigh Jim McGuinness Dún na nGall go dtí a ndara teideal Uile-Éireann, agus bhí an contae ar mhuin na muice - bhí na sráideanna lán leis na dathanna buí agus glas, bhí na tithe tábhairne beo bríomhar agus bhí clú agus cáil speisialta ar amhrán amháin go háirithe.

Amhrán a d’fhanadh leat a bhí ann, agus bhí sé mar amhrán dóibh siúd a lean Dún na nGall agus canadh é go rialta, fiú iad siúd nach raibh gafa féin le Dún na nGall.

Scríobh agus sheinn amhránaí darb ainm Rory Gallagher as Cill Charthaigh an amhrán lena chara “Senegal Jimmy” sna hOileáin Chanáracha, agus rinneadh mearscaipeadh ar an bhfíseán nuair a cuireadh é ar líne.

Ar dtús bhí an t-amhrán ina meascán de na réaltaí ar fad ó 2012 a bhí ar an bhfoireann ag an am, ach sa leagan athchóirithe seo, tá na himreoirí faoi láthair ann mar aon le cur síos ar ghairm bheatha Jim McGuinness ón mbua cáiliúil sin in 2012.

He (McGuinness) comes from Glenties man, He’s been in Celtic man, He’s been in Charlotte (USA) and he’s even been in China man.

“We’ve beatin’ Derry man, And maybe Kerry man, Yeah we’re beatin’ anyone we’re meetin’ in the final man.”

Tugann an ceoltóir cumasach a lucht leanúna arís ar turas timpeall a áit dhúchais i nDún na nGall “From Kilcar to Muff, From Letterkenny to Gaoth Dobhair”.

FÓGRA

Dúirt Gallagher le Highland Radio gur tháinig iar-réalta Dhún na nGall, Brendan Devenney, chuige tar éis dóibh an Chraobh Uladh a bhuachan in aghaidh Ard Mhaca.

Ar dtús, ní raibh mórán fonn ar an amhránaí an t-amhrán a atheisiúint, ach sa deireadh rinne Devenney áitiú air.

FÓGRA

Bhíos ag iarraidh é a sheachaint. Ní raibh fonn orm teacht i dtír orm féin ach bhí mé an oiread sin teachtaireachtaí á fháil agam ó dhaoine ag dul 'tá na daoine óga ar fad ag canadh an amhráin arís ag na cluichí' mar sin caithfidh tú atheisiú a dhéanamh air.

"Tá sé beagnach 13 bliana d'aois. Bhí ríomhphoist á fháil agam ó dhaoine ag rá 'an bhfuil aon focail nua agat'."

Tá leagan iontach don bun-amhrán ar fáil freisin darbh ainm “Tá Jimí Ag Baint Cluichí”, eisithe ag Coláiste Ailigh a bhfuil bunaithe i Leitir Ceanainn i nDún na nGall.

FÓGRA

Mhol Devenney go bhféadfaí an t-amhrán nua a úsáid chun airgead a bhailiú d’Ospís Dhún na nGall agus eisíodh an “Jimmy’s Winning Matches” go hoifigiúil ar líne Dé Luain.

 

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement