• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • Tá Sé 20 Bliain Ó Tharla An tAgallamh CLG Is Paiseanta Ar Na Saolta Seo

Tá Sé 20 Bliain Ó Tharla An tAgallamh CLG Is Paiseanta Ar Na Saolta Seo

Tá Sé 20 Bliain Ó Tharla An tAgallamh CLG Is Paiseanta Ar Na Saolta Seo
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

"I love me county!"

B’fhéidir gurb í an líne is minicí a luaitear ó agallamh iomána sa 21ú haois, agus le cúis mhaith.

Is annamh a thug aon fhear achoimre ar mheon agus ar charachtar na foirne chomh cinnte sin is a rinne John Mullane le hiománaithe iontacha Phort Láirge sna 2000dí.

Bhris Mullane isteach i bhfoireann na nDéise i 2001 agus níor thóg sé mórán ama chun a bheith mar ceann dosna imreoirí is tábhachtaí dóibh.

Bhí tionchar mór ag an lántosaí cúinne ó De La Salle ar an bhfoireann nuair a bhuaigh Port Láirge a gcéad craobh Mumhan le 43 bliain i 2002 – chaill siad i bPáirc an Chrócaigh i slí an-brónach (téama na gcéad deich mbliana eile dóibh) in aghaidh an Chláir sa bhabhta leathcheannais.

Rud amháin a thosaigh sa séasúr 2002 freisin ná ceann d’iomaíocht mhór na linne seo, tar éis cluiche leathcheannais na Mumhan iontach in aghaidh Chorcaí.

Bhainfeadh na Reibiliúnaigh a ndíoghaltas amach i gcluiche ceannais 2003 agus, bliain eile ina dhiaidh sin, bhuailfeadh na foirne i gcraobh na Mumhan don tríú bliain as a chéile.

FÓGRA

Bhí an cluiche cinniúnach cáiliúil sin fiche bliain ó shin Déardaoin inné agus, seachas é a bheith ar an gcluiche ceannais cúige is fearr sa 21ú aois, b’fhéidir go bhfuil an cáil is mó air de bharr fianú dílse John Mullane do chontae Phort Láirge.

LÉIGH ANSEO: Des Cahill Agus Jarlath Burns Ar An Obair A Dhein Mícheál Ó Muircheartaigh Don Ghaeilge

"I love me county!" - 20 bliain níos déanaí, tá paisean John Mullane dochreidte fós

Tar éis 43 bliain dul thart ó bhua 1959, go tobann bhí Port Láirge ag lorg a dara teideal Mumhan i dtrí bliana i 2004.

FÓGRA

Ní raibh cuma maith ar chúrsaí go luath sa dara leath, nuair a taispeánadh cárta dearg do John Mullane le haghaidh rud a tharla  gan an sliotar i gceist. Ag an am, bhí Corcaigh chun tosaigh, tar éis dosna Déise cuid mhaith den chéad leath a chaitheamh ag iarraidh teacht ar ais sa chluiche tar éis tosú tintreach ó Chorcaigh.

Murab ionann agus a mbeifí ag súil leis, is é imeacht Mullane ón páirc an rud a thug muinín do Phort Láirge, agus chonaiceamar ceann de na leatha is fearr d’aon chluiche iomána a imrítear ar pháirc Dhurlais.

Le beagán níos lú ná 20 nóiméad fágtha, dheimhnigh cúl iontach ó Paul Flynn móiminteam Phort Láirge, agus bhuaigh siad an cluiche le aon phointe amháin, 3-16 in aghaidh 1-21.

FÓGRA

Tá cuimhne air mar cheann de na cluichí iomána is fearr riamh, go dtí an lá inniu, agus ba é an t-agallamh John Mullane le RTÉ i ndiaidh an chluiche an dlaoi mhullaigh.

Inniu tá aithne ar Tony O’Donoghue mar chomhfhreagraí sacair le fada ar RTÉ, ach ó dheireadh na 1980dí suas go dtí lár na 2000dí, bhí sé ina thuairisceoir ar an ‘Sunday Game’, ag freastal ar go leor cluichí ceannais na hÉireann.

FÓGRA

Ba é O’Donoghue an fear leis an mic ar pháirc Staid Semple an lá sin.

Ghabh Mullane, a bhí mothúchánach go soiléir, leithscéal go mór lena chomhimreoirí Déise as a chárta dearg, agus ba mhór an faoiseamh é go rinne a chomhimreoirí an corn a bhaint amach ar aon nós.

Tá a chuid focal do TO'D ar an bpáirc an lá sin imithe síos i stair CLG.

FÓGRA

Níl ach trua agam do mhuintir Phort Láirge, as an méid a rinne mé inniu.

Chun é a fheiceáil, tá rud éigin tarlaithe, ní raibh sé chun a bheith mar sin...Is aoibhinn liom an contae seo go mór agus tá áthas orm go ndearna na leaids é ar son mhuintir Phort Láirge inniu. Tá mé croíbhriste.

Feicfimid cad a tharlaíonn [sa chomórtas Uile-Éireann]. Tá lúcháir orm do na leaids inniu. Níl a fhios agam cad atá le rá, i ndáiríre.

Bhí rudaí ag dul trí mo cheann. Níl mé ag iarraidh muintir Phort Láirge a ligean síos. Is iad siúd mo shaol, is iad muintir Phort Láirge mo shaol.

Is aoibhinn liom mo chontae.

Is deacair a leithéid d’agallamh a dhéanamh sa lá atá inniu ann – tá cuma air go bhfuil sé mar léargas iontach ar teilifís spóirt na 2000dí agus ar imreoir den scoth agus iomaíocht mhór iomána.

Bhí Mullane i measc na lucht tacaíochta lán-sásta Phort Láirge, le níos mó fonn orthu labhairt sa mic ná mar a bhí sé.

Agus an fear a bhí 23 bliain d'aois ag streachailt le focail a aimsiú, scread duine amháin isteach sa mhicreafón fiú, "Chuir sé tús linn - [tá tú] ar cheann de na laochra is mó ar fad inniu, a bhuachaill! JOHN MULLANE ABÚ!"

Bhí an ceart aige. Díreach sular cuireadh amach ón páirc é, scóráil Mullane pointe iontach chun tús a chur le Port Láirge sa dara leath.

Ar ndóigh, beidh díomá ag aon duine ó thaobh spóirt de nuair a mhothaíonn siad gur lig siad a fhoireann síos. Mar sin féin, dá mba rud é go raibh nóiméad tógtha ag Mullane féachaint timpeall ar an slua, thuigfeadh sé nach raibh mórán buairt ag baint lena chárta dearg.

Bhí Port Láirge mar buaiteoirí Craoibhe na Mumhan agus, chomh mór agus a bhí grá ag John Mullane dá chontae, bhí grá ag a chontae dó.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement