• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • ‘Is Ócáid Fíor Speisialta É’ - Maidhcí Ó Súilleabháin Ar An Tábhacht ag Baint le Comórtas Peile na Gaeltachta

‘Is Ócáid Fíor Speisialta É’ - Maidhcí Ó Súilleabháin Ar An Tábhacht ag Baint le Comórtas Peile na Gaeltachta

‘Is Ócáid Fíor Speisialta É’ - Maidhcí Ó Súilleabháin Ar An Tábhacht ag Baint le Comórtas Peile na Gaeltachta
Emma O'Sulilvan
Le Emma O'Sulilvan D’athraigh
Roinn an scéal seo

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 ar siúl an deireadh seachtain seo, le Cumann CLG Cill na Martra á reáchtáil i mbliana. Is ócáid é go príomha ina mbíonn clubanna óna seacht Gaeltacht ar fud na tíre, chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus Aontroim, in ann a bheith i gcomórtas lena chéile agus peil a imirt.

Ach is rud níos mó ná an pheil a bhfuil i gceist leis an Comórtas - is seans é do phobal na Gaeltachta teacht le chéile agus a gcultúr a cheiliúradh.

Baint TG4 leis an gComórtas

Bunaíodh Comórtas Peile na Gaeltachta i 1969, agus ‘is ócáid fíor speisialta é,’ dar le Maidhcí Ó Súilleabháin, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Spóirt ag Nemeton TV. Tá baint TG4 lárnach don gComórtas - is comhpháirtí iad den imeacht, agus beidh ardáin difriúla á úsáid acu thar an deireadh seachtain, ar nós an cainéal YouTube Spórt TG4, agus an aip.

Is buaicphointe ar leith é an Comórtas Peile do TG4, go háirithe i gcomhair an lucht féachana ó na Gaeltachtaí a mbíonn ag faire ar an gComórtas.

Tá sé tábhachtach do TG4 go mbíonn craoladh ar ardchaighdeán déanta ar na cluichí seo.

Mura bhfuil an cluiche le feiscint ar an teilifís, tá sé le feiscint ar Sport TG4 YouTube.

Beidh craoladh beo déanta thar an deireadh seachtain ar fad - ar YouTube De Satharn agus De Domhnaigh, agus ar an teilifís ar an Domhnach agus ar an Luan.

FÓGRA

Is féidir le lucht féachana níos leithne in ann teacht ar na cluichí ar YouTube, rud a bhfuil tábhachtach le haghaidh cáil an Chomórtais. Bíonn sé níos éasca do dhaoine a gcuid foirne a leanúint freisin.

Léigh níos mó anseo: Comórtas Peile na Gaeltachta 2024: Eolas Teilifíse, Sceideal na gCluichí agus Cé a mBeidh ag Glacadh Páirt.

8 Iúil 2011; Uachtarán CLG Criostóir Ó Cuana, ar chlé, agus Ard Stiúrthoir Paraic Duffy, ar dheis, i láithair Maidhcí Ó Súilleabháin, Nemeton TV, ar son TG4, leis an Gradam ‘GAA MacNamee Irish Language’ 2010. Páirc an Chrócaigh, Áth Cliath. Grianghraf le: Pat Murphy / SPORTSFILE

Cultúr na Gaeltachta mar cuid lárnach don Chomórtas

Is onóir mór é d’aon chlub a mbíonn i gceannas ar an Comórtas, agus i mbliana beidh Cumann CLG Cill na Martra á reáchtáil. Bíonn béim mór i gcónaí ar an áit ina mbíonn an Comórtas, agus cultúr na háite - beidh ceoltóirí óga áitiúla le chloisinn idir cluichí agus ag leath-am.

Ócáid mór é do pobal na Gaeltachta, a mbíonn in ann deireadh seachtain a chaitheamh ag féachaint ar an spórt, ag caint le daoine eile as Gaeilge, agus spraoi a beith acu.

FÓGRA

Is buaicphointe do muintir na Gaeltachta é gur féidir leo teacht le chéile.

Tugann sé seans do seanchairde bualadh le chéile, bíonn deis ag daoine cairde nua a dhéanamh ó na Gaeltachtaí éagsúla.

Is dócha gur deis é daoine teacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile, a bheith le chéile agus go bhfuil an spórt mar cuid lárnach de.

Is dócha go mbeidh deireadh seachtain lán le spórt agus spraoi ar fáil i gCill na Martra.

Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement