Fuair tráchtaire cluichí Gaelacha Mícheál Ó Muircheartaigh bás maidin inné. Bhí sé 93 bliana d’aois.
Rugadh é i 1930 i nDún Síon, díreach taobh amuigh Daingean Uí Chúis, agus d’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile agus meánscoile sular oibrigh sé do RTÉ ar bhonn lánaimseartha sna 1980dí.
D’fhás an tUasal Ó Muircheartaigh aníos leis an nGaeilge agus an mBéarla aige, agus é ó iarthar Chiarraí. D’oibrigh sé sa dá theanga freisin ar RTÉ.
Dhein sé a chéad tráchtaireacht do RTÉ i 1949 trí lán Ghaeilge nuair a imríodh cluiche ceannais Chorn an Bhóthair Iarann ar Lá Fhéile Pádraig.
Des Cahill agus Jarlath Burns ag caint faoin obair a dhein Mícheál Ó Muircheartaigh don Ghaeilge
Ag labhairt le RTÉ Radio 1 ar News At One, bhí láithreoir spóirt Des Cahill lán le moladh don Uasal Ó Muircheartaigh agus Cahill ag fás aníos leis an nGaeilge, go háirithe an obair a dhein sé dosna Gaeilscoileanna thar na blianta.
[As Gaeilge] An obair a dhein sé don Ghaeilge - ní thuigeann gach éinne an méid oibre a bhí ann, go háirithe dosna Gaelscoileanna. Dá mbeadh cruinniú ar siúl in áit éigin, aon áit sa tír, chun bunscoil a thosú, bheadh Mícheál ann.
[As Béarla] Bhí sé i ngach áit, pé áit a raibh fonn orthu Gaelscoil a thosnú, bhí sé ann, agus an méadú Gaeilscoileanna timpeall na tíre - ní raibh siad ar an saol nuair a thosaigh sé.
D’fhreastalíos ar Choláiste Mhuire, a bhí mar ceann dosna fíorbheagán scoileanna lán-Ghaeilge, agus an obair a dhein sé don teanga agus don chultúr, agus bhí a ghrá don teanga agus don chultúr iontach le feiscint.
Labhair Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael agus iar-imreoir Ard Mhacha Jarlath Burns faoin stíl craoltóireachta a bhí ag Mícheál Ó Muircheartaigh, agus an slí inar ndearna sé a thráchtaire sa dá theanga.
[As Gaeilge] Beart de réir a bhriathar a bhí sé mar sin nuair a bhí sé ag déanamh tráchtaire i nGaeilge agus i mBéarla, [as Béarla] mar d’oibrigh sé do Raidió na Gaeltachta, agus bhí sé in ann beagáinín Gaeilge a chaitheamh isteach.
[As Béarla] An slí ina raibh sé ábalta, aon uair a bhí an-sceitimíní air, chaithfeadh sé an Ghaeilge isteach, mar bhí sí sin mar a theanga dhúchais ag teacht as iarthar Chiarraí, agus sin í an teanga a d’fhás sé aníos léi.
Rinne sé a lán oibre don Ghaeilge i slí an-álainn, deaslabhartha trí í a chaitheamh i lár a thráchtaire.
'That's Mícheál Ó Muircheartaigh. His ability to take a simple fact and weave it into the narrative of the game and turn it into something beautiful was the epitome of him'
GAA president Jarlath Burns pays tribute to Mícheál Ó Muircheartaigh. pic.twitter.com/oGHNBh237j— RTÉ GAA (@RTEgaa) June 25, 2024
D’éirigh Ó Muircheartaigh as an tráchtaireacht i 2010.
Is léir an meas agus an grá a bhí aige ar an nGaeilge, agus bhí tionchar ollmhór aige ar stádas na teanga sa tír seo - rud a bhfuil fós beo inniu dá bharr.