• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • Bua Dochreidte ag Doire i gCluiche Ceannais Roinn 1 in aghaidh Áth Cliath

Bua Dochreidte ag Doire i gCluiche Ceannais Roinn 1 in aghaidh Áth Cliath

Bua Dochreidte ag Doire i gCluiche Ceannais Roinn 1 in aghaidh Áth Cliath
Seamus Brady
Le Seamus Brady D’athraigh
Roinn an scéal seo

Bhuaigh Doire an Sraith Allianz i Roinn 1 ar Dé Domhnach don chéad uair ó 2008 tar éis cluiche ceannais dochreidte in aghaidh Áth Cliath a bhuachaint. Chríochnaigh an cluiche le ciceanna éirice agus bhí an bua ag foireann Mickey Harte i gcluiche drámatúil. 

Mar a dúirt Uachtarán nua an CLG Jarlath Burns, bhí Doire i gcluiche ceannais Roinn 4 díreach cúig bliana ó shin. Ón bpointe sin ar aghaidh, tá dhá chraobh Ulaidh buaite acu, chomh maith le hardú suas tríd Roinn 3 agus Roinn 2, agus ina chéad bhliain i Roinn 1, tá an sraith buaite acu. 

Thosaigh an cluiche amach le Áth Cliath chun tosaigh tar éis cúl ó Cholm Basquel, ach throid Doire ar ais isteach sa chluiche agus fuair Lachlan Murray cúilín den chéad scoth chun an cluiche a chuir ar chomhscór díreach ag deireadh an chéad leath. 

Sa darna leath, rinne Doire reaic as cosaint na seaimpíní. Fuair Doire cic éirice agus chuir Shane McGuigan isteach sa líontán é, agus go tapa tar éis sin tháinig Eoin McEvoy suas ón líne leath-chúl agus chuir sé lasrach isteach in eangach Áth Cliath. 

FÓGRA

FÓGRA

D’fhreagair Áth Cliath le cúilíní breá ó Ross McGarry agus Tom Lahiff, ach ag droidim i dtreo deireadh an chluiche, bhí Doire ar tí an bua a bheith acu. Ach bhronn Conor Lane cic saor conspóideach do na seaimpíní, agus nuair a fuair Con O’Callaghan an pointe uaidh, bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scarúint. 

Ach ní raibh sin go leor fiú. Tar éis a fuair Eoin McEvoy cúl dochreidte eile chun Doire a bhrú chun cinn, troid Áth Cliath ar ais arís le cúilíní ríthábhachtach ó Killian O’Gara, agus le cic deireanach an cluiche, fuair Greg McEnaney cúl do Áth Cliath, agus anois bhí ciceanna éirice ag teastáil. 

 

FÓGRA

Níor éirigh le Con O’Callaghan, Lorcan O’Dell nó Tom Lahiff a gcic a chuir san líontán, agus bhí an bua ag Doire ar an lá. Díreach tar éis an bua a bheith acu, chraith an dá fhoireann lámha lena chéile agus is cinnte go mbeidh cluiche eile acu i mbliana, agus beidh gach duine ar bís don lá sin. Cluiche den scoth a bhí ann i bPáirc an Chrócaigh! 

Doire: Odhrán Lynch; Conor McCluskey, Chrissie McKaigue, Diarmuid Baker; Conor Doherty 0-1, Eoin McEvoy 2-2, Pádraig McGrogan; Conor Glass 0-2 (0-1 ‘45), Brendan Rodgers 0-1; Ethan Doherty 0-1, Ciarán McFaul, Paul Cassidy: Niall Loughlin 0-2, Shane McGuigan 1-4 (1-0 pen, 0-2f), Lachlan Murray 0-3 (0-1 mark). 

Ionadaithe: Gareth McKinless do McGrogan; Niall Toner 0-2 do McKinless; Cormac Murphy do Loughlin; Donnacha Gilmore do Cassidy; Emmet Bradley do Murray; Matthew Downey do McKaigue; Eunan Mullholland do Doherty. 

FÓGRA

Áth Cliath: Evan Comerford; Seán McMahon 0-1, Cian Murphy 0-2, Eoin Murchan; Brian Howard 0-1, John Small, Seán Bugler 0-1; Brian Fenton, Tom Lahiff 0-2; Ross McGarry 0-2, Killian McGinnis 0-1, Ciarán Kilkenny; Colm Basquel 1-1, Con O’Callaghan 0-5 (0-5f), Niall Scully 0-1. 

Ionadaithe: Paul Mannion 0-1 (0-1f) do McGinnis; Paddy Small do Basquel; Lorcan O’Dell do Scully; Killian O’Gara 0-2 do McGarry; Theo Clancy do Murchan; Cian O’Connor do McMahon; Greg McEnaney 1-0 do Bugler. 

 

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement