• Baile
  • /
  • CLG
  • /
  • An Fear As Béal Feirste Ag Cuidiú Le Neart Luimnigh: Comhrá le Cairbre Ó Cairealláin

An Fear As Béal Feirste Ag Cuidiú Le Neart Luimnigh: Comhrá le Cairbre Ó Cairealláin

An Fear As Béal Feirste Ag Cuidiú Le Neart Luimnigh: Comhrá le Cairbre Ó Cairealláin
Diarmuid Lyng
Le Diarmuid Lyng D’athraigh
Roinn an scéal seo

Bhí deis agam labhairt le Cairbre Ó Cairealláin don chéad uair ag Féile Cheoil i gceantar na nDéise anuraidh, agus é i dteannta roinnt do na ceoltóirí ba mhó sa tír a bhí ag seinm ann. Bhí a fhois agam gur fear díograiseach é, suim aige i réimse leathan rudaí taobh amuigh don iománaíocht, ach is faoi iománaíocht a bhíomar ag labhairt faoi an oíche uilig, mar is cuimhin liom.

Braithim gur fiú go mór labhairt le daoine faoin iomáint trí shúile níos fairsinge uaireanta. Tuigim an cás maidir leis an obair a bhí déanta i Luimneach deich mbliain ó shin. Ach ní scéal iománaíochta amháin é.

D’fhéadfá cás maith a dhéanamh gur comhtharlú é gur tháinig aiséirí ceoil agus cultúir an chontae ag an am chéanna ina raibh aiséirí san iomáint, ach mar a thuigimse é, tá gach rud fite fuaite lena chéile nuair atáimid ag plé faoin fhoireann ab fhearr riamh, ach go háirithe taobh amuigh do na Chait, na Reibiliúnaigh agus na Taoisigh.

Braithim gur tháinig muintir Luimnigh ar spiorad áirithe iontu féin, spiorad nach raibh corraithe nó a bhí ag iarraidh rud éigin a thaispeáin do dhaoine chun léiriú dóibh go raibh an mícheart acu ar feadh na blianta agus daoine ag déanamh cáineadh ar an chathair mar droch-áit, ach spiorad a mhair iontu i gcónaí. Cinnte gur chruthaigh streachailt na cathrach rud éigin iontu, ar nós an rachta a bhí ar na filí agus na ceoltóirí atá ar an imeall, ag scríobh go macánta agus go hoscailte faoi saol muintir Luimnigh. I ndeireadh na dála ní raibh orthu ach a bheith macánta fúthu féin agus a saol, agus ba leor é sin.

’Sé an rud céanna leis na hiománaithe, de réir is mar a thuigimse i ndiaidh a bheith ag caint le Cairbre don phodchraoladh seo le Liathróidí.ie, ag tosnú le John Kiely, tá baint mór ag an tsaoirse agus a bheith freagrach i ngach rud a dhéanann siad. Toisc nach bhfuil aon rud faoi cheilt, is féidir leo taitneamh a bhaint as. Mar a dúirt an tUasal Cody i gcónaí, nuair atá an spiorad ceart i gceist, leannan gach rud eile. Tá saoirse san fhírinne.

Labhair Cairbre chomh maith faoina shaol i mBéal Feirste, ag traenáil le Seán Óg cois Laoi agus faoin bhealach a thóg sé chuig an ról riachtanach atá aige le Luimneach, ach go háirithe faoin stíl atá aige glacadh le himreoirí mar daoine thar ‘achan rud eile’.

Is fearr umhal, ionraic é i gcónaí, mar is eol ag na nGael ar fad, agus táim cinnte gurb fhearr leis faic a rá agus faic a bheith scríofa faoi, ach ní fear é a dhiúltaíonn ceist mar seo, podchraoladh as Gaeilge a thaifead faoi spórt, mar tuigeann sé an tábhacht ag baint leis.

FÓGRA

Tá súil agam go bhfuil rud éigin fiúntach ann daoibh.

Grá mór,

Diarmuid.

FÓGRA
Roinn an scéal seo

Cóipcheart © 2024. Gach ceart ar cosaint.D’fhobair ag Square1 agus chumhachtaigh ag PublisherPlus.com

Advertisement